Franziska Giffey

polaiteoir Gearmánach

Is polaiteoir Gearmánach de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh Shóisialta (SDS) í Franziska Giffey ( née Süllke, a rugadh an 3 Bealtaine 1978). Tá sí ag feidhmiú mar Sheanadóir Stáit Bheirlín don Gheilleagar, d'Fhuinneamh agus d'Fhiontar ó 2023 i leith. Bhí sí ina Méara Rialaithe ar Bheirlín ó Nollaig 2021 go hAibreán 2023. [1] [2] Roimhe sin bhí sí ina hAire Gnóthaí Teaghlaigh, Seanóirí, Mná agus Óige i rialtas an tSeansailéara Angela Merkel ó 2018 go dtí 2021. [3] [4] Ó 2015 go 2018, bhí sí ina méara ar bhuirg Neukölln i mBeirlín . [3] [5]

Infotaula de personaFranziska Giffey

(2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Franziska Süllke
3 Bealtaine 1978
46 bliana d'aois
Frankfurt (Oder), An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Member of the Bundesrat of Germany (en) Aistrigh
Ina hionadaí do: Beirlín

4 Eanáir 2022 –
Governing Mayor of Berlin (en) Aistrigh
21 Nollaig 2021 – 27 Aibreán 2023
← Michael Müller (en) AistrighKai Wegner →
Member of the Abgeordnetenhaus of Berlin (en) Aistrigh
2021 –
Federal Minister of Family Affairs, Senior Citizens, Women and Youth (en) Aistrigh
14 Márta 2018 – 20 Bealtaine 2021 (éirí as)
← Katarina BarleyChristine Lambrecht →
Ball de chomh-aireacht: Fourth Merkel cabinet (en) Aistrigh
District mayor of Neukölln (en) Aistrigh
2015 – Márta 2018
← Heinz BuschkowskyMartin Hikel → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síFreie Universität Berlin (2005–2009)
Fachhochschule für Verwaltung und Rechtspflege Berlin (1998–2001)
Ollscoil Humboldt Bheirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDoctor of Political Science (en) Aistrigh
Diplom-Verwaltungswirt (en) Aistrigh
Áit chónaitheBeirlín
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir neamhfhicsin, eolaí sóisialta, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirVerwaltungsakademie Berlin
Otto-Suhr-Institut Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine (2007–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis agus Béarla
Teaghlach
CéileKarsten Giffey (2008–) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Die Wende and Peaceful Revolution (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinfranziska-giffey.de Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: FranziskaGiffey Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol agus oideachas cuir in eagar

Rugadh Giffey i Frankfurt (Oder), agus d'fhás sí aníos i mBriesen. Tar éis di Abitur a bhaint amach i 1997, thosaigh sí ag staidéir an Bhéarla agus na Fraincise in Ollscoil Humboldt i mBeirlín chun a bheith ina múinteoir, ach b'éigean di an ghairm a fhágáil i 1998 ar chúiseanna leighis. [6] Ina dhiaidh sin rinne sí staidéar ar an dlí riaracháin ag an Fachhochschule für Verwaltung und Rechtspflege (riarachán poiblí) i mBeirlín ó 1998 go dtí 2001. Le linn a cuid staidéir iarchéime i mbainistíocht riaracháin Eorpach ó 2003 go 2005, d’oibrigh sí ag Ionadaíocht Bheirlín chuig an Aontas Eorpach sa Bhruiséil in 2003 agus ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa in Strasbourg in 2005. In 2005, chuir sí tús le staidéar dochtúireachta seach-ghairme in Ollscoil Shaor Bheirlín, áit ar bhain sí dochtúireacht amach sa bhliain 2010. Dhéileáil a tráchtas le cuimsiú na sochaí sibhialta ag an gCoimisiún Eorpach i gcinnteoireacht an AE. An 10 Meitheamh 2021, áfach, chuir Uachtarán Ollscoil Shaor Bheirlín a dochtúireacht ar neamhní mar gheall ar bradaíl.

Chomh maith lena cuid staidéir, d’oibrigh sí mar Choimisinéir Gnóthaí Eorpacha i riarachán dúiche Neukölln ó 2002 go 2010.

Gairm pholaitiúil cuir in eagar

Chuaigh Giffey isteach sa Pháirtí Daonlathach Sóisialta (SPD) sa bhliain 2007.

ISa bhliain 2015, tháinig Giffey i gcomharbacht ar Heinz Buschkowsky mar mhéara ar cheantar Neukölln de chuid Bheirlín, áit a bhfuil go leor inimirceach lonnaithe ann, agus ráta ard-dífhostaíochta. [3] [5]

Saol pearsanta cuir in eagar

Tá Giffey pósta le tréidlia ó 2008; tá leanbh amháin ag an lánúin. Is imreoir cispheile Niels Giffey a nia . [7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  3. 3.0 3.1 3.2 Keilani, Fatina; Alten, Saara von (15 April 2015). "Buschkowsky-Nachfolgerin: Franziska Giffey als Bürgermeisterin gewählt" (in German). Tagesspiegel. tagesspiegel.de. Retrieved 26 September 2022.
  4. Monath, Hans; Van Bebber, Werner; Heine, Hannes (9 March 2018). "Große Koalition SPD-Ministerin Franziska Giffey: Von Berlin-Neukölln nach überall" (in German). Tagesspiegel. tagesspiegel.de. Retrieved 26 September 2022.
  5. 5.0 5.1 Hansen, Holger; Martin, Michelle Martin (9 March 2018). "German government takes shape as SPD names ministers". Reuters. Retrieved 26 September 2022.
  6. Klesmann, Martin (4 August 2014). "Franziska Giffey in Neukölln: Diese Frau wird Buschkowskys Nachfolgerin" (in German), Berliner Zeitung. berliner-zeitung.de. Retrieved 26 September 2022.
  7. Spannagel, Lars (9 March 2018). "Alba-Kapitän Niels Giffey über Franziska Giffey: Sie kommt immer sehr ambitioniert rüber" (in German). Interview with Niels Giffey. Tagesspiegel. tagesspiegel.de. Retrieved 26 September 2022.