Friedrich Nietzsche

fealsamh Gearmánach

Fealsamh Gearmánach ab ea Friedrich Wilhelm Nietzsche (Röcken-Lützen 15 Deireadh Fómhair 1844 - Weimar 25 Lúnasa 1900). Rinne sé staidéar ar na teangacha clasaiceacha agus ar an diagacht, ach is mar fhealsamh frith-Chríostaí is mó a bhain sé a cháil amach. Coincheap tábhachtach ina fhealsúnacht is ea an Sár-Dhuine (Übermensch), agus mar sin, is minic a chuirtear ina leith go raibh sé ag réiteach an bhealaigh don Naitsíochas.

Infotaula de personaFriedrich Nietzsche

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Friedrich Wilhelm Nietzsche
15 Deireadh Fómhair 1844
Röcken (an Phrúis)
Bás25 Lúnasa 1900
55 bliana d'aois
Weimar (Impireacht na Gearmáine)
Siocair bháisNéaraishifilis
Áit adhlacthaLützen Cuir in eagar ar Wikidata
Lán-ollamh
1869 – 1878 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Leipzig (1865–1879)
Ollscoil Bonn (1864–1865)
Landesschule Pforta (1858–)
Domgymnasium Naumburg (en) Aistrigh (1854–) Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Teanga dhúchaisan Ghearmáinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreFealsúnacht, aeistéitic, Nihilí, eitic, síceolaíocht, ointeolaíocht, filíocht agus fealsúnacht na staire
Suíomh oibre Bonn
Basel
Leipzig
Weimar Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfealsamh, oideolaí, focleolaí claiseacach, criticeoir ceoil, cumadóir, file, scríbhneoir, scoláire na léann clasaiceach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaFealsúnacht an 19ú haois
Tréimhse oibre1865 –  1889
FostóirOllscoil Basel (1869–1878) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtLebensphilosophie (en) Aistrigh
Mac/iníon léinn de chuidJacob Burckhardt agus Friedrich Wilhelm Ritschl
Mac/iníon léinnRudolf Steiner
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Cogadh Franc-Phrúiseach
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCarl Ludwig Nietzsche
SiblínElisabeth Förster-Nietzsche
Síniú

IMDB: nm0631346 Facebook: FriedrichNietzscheAuthor Spotify: 3kb5fJZ2Hktci2A1wHXnHP iTunes: 31470939 Musicbrainz: d20d70cd-db2d-476c-80f5-87ebfda2a850 Lieder.net: 2002 Discogs: 720221 IMSLP: Category:Nietzsche,_Friedrich Allmusic: mn0001731235 Find a Grave: 1481 Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

Ní raibh Nietzsche ach ceithre bliana fichead d'aois nuair a bhain sé amach ollúnacht le teangacha clasaiceacha in Ollscoil Basel san Eilvéis. D'éirigh sé as an bpost sin i gceann deich mbliana, agus a shláinte ag teip air. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag taisteal ó thír go tír, idir an Eilvéis, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ghearmáin. Ní raibh ann ach scríbhneoir sách anaithnid ag an am. In aois a cheithre bliana is dhá scór buaileadh é le galar tromchúiseach síciatrach, agus b'éigean dó a raibh fágtha dá shaol a chaitheamh faoi chúram a mháthar agus a dheirféar. Faoin am seo bhí aird ag teacht ar a shaothar.

 
Friedrich Nietzsche, 19 bliain d'aois, 1864

Agus é óg, bhí Nietzsche go mór faoi thionchar Arthur Schopenhauer, a bhfuil blas mór duaircis agus éadóchais ar a chuid fealsúnachta. Ina dhiaidh sin, áfach, theastaigh ó Nietzsche duairceas Schopenhauer a chloí agus an saol a fhaomhadh.

Rinne Nietzsche scagadh géar ar an moráltacht, ar an reiligiún, ar an bhfealsúnacht, ar an eolaíocht agus ar an ealaín. Bhí sé míshásta le meon fannlag a aimsire agus b'fhearr leis meon na Sean-Ghréige. D'ionsaigh sé moráltacht agus meitifisic na Críostaíochta agus chuir sé amhras i nóisean na fírinne; dá bhrí sin chuir sé in iúl roimh ré gach a mbeadh le rá ag fealsúnacht an nua-aoiseachais agus an iarnua-aoiseachais. Inniu féin, is ábhar díospóireachta iad an Toil chun Cumhachta, an Sár-Dhuine agus an Filleadh Síoraí, coincheapanna a chuir Nietzsche os ár gcomhair den chéad uair.

Tá tionchar Nietzsche le mothú go mór lasmuigh den fhealsúnacht, agus is iomaí ciall a baineadh as a shaothar i rith na mblianta. Dearctar air freisin mar dhuine de scríbhneoirí móra na Gearmáinise, ó bhí stíl shnoite ghreanta aige, beag beann ar an ábhar.

Tréithe Ginearálta a Shaothair agus a Mhachnaimh cuir in eagar

 
Friedrich Nietzsche agus a mháthair

Chuir Nietzsche roimhe dul amach ar conas an duine a uaisliú. B’éigean, mar sin, prionsabail na huaisleachta a chinntiú mar fhadhb chultúir. Chuir sé an mian sin in iúl ar shlite difriúla: meitifisic an ealaíontóra, staidéar stairiúil ar na mothúcháin agus ar shamhlaithe morálta, agus an eiseadh tragóideach a dhearbhú trí nóisin Thoil na Cumhachta, an tSíor-Fhillte agus an tSár-Dhuine.

Tá iarraidh déanta ar mhachnamh Nietzsche a eagrú de réir tréimhsí, ach is deacair fás an mhachnaimh sin a thuiscint, go hairithe de bharr na feidhme a bhain sé as na natháin agus iad roinnte de réir téamaí.

B’fhearr leis gan trácht a dhéanamh de réir oird agus eagair, mar shíl sé go raibh an machnamh ag fás uaidh féin i gcónaí agus go raibh spontáineacht éigin ag baint leis na natháin úd. Ní raibh fonn air ach oiread freastal ar lucht mearléitheoireachta nach gcuirfeadh de dhua orthu féin athmhachnamh a dhéanamh ar ar léigh siad. Mar sin féin, scríobh sé a leabhair dheireanacha go slachtmhar chun go dtuigfí gan dua é.

 
Nietzsche, 1882 (le Gustav Schultze)

Toil na Cumhachta cuir in eagar

Ba í an aidhm a bhí ag Nietzsche bonn a bhaint ó na fealsúnachtaí a bhí ann cheana agus amhras a chur sna prionsabail a luaimid leis an bFhírinne, leis an Maith agus leis an Eiseadh Daonna.

D'fhiafraigh Nietzsche cén prionsabal ba dhual do dhearcadh áirithe. Cén prionsabal, a dúirt sé, a bhaineann le prionsabal na fírinne féin? Ba mhian leis a fháil amach cén bunús a bhí leis an ceisteanna úd agus arbh fhéidir míniú úr a dhéanamh orthu. Ní ceart a rá, mar sin, gurbh fháidh é agus Toil na Cumhachta mar fháistine aige. Ba dhóigh leis go raibh fealsúnachtaí níos saoire á bhfógairt aige faoi phrionsabail mhorálta agus mheitifisiceacha araon.

I gcoitinne, déanann an frása Toil na Cumhachta tagairt do cháilíocht ginearálta a bhaineann le teacht ar an saol: ní féidir le haon réaltacht fanacht laistigh dá teorainn féin.

 
„Der kranke Nietzsche“ le Hans Olde, 1899

Is ionann toil chun cumhachta a bheith agat agus gan a bheith comhionann leat féin riamh; caithfidh tú dul lastall díot féin. Ach ní féidir gluaiseacht chun cinn mar sin mura samhlaítear an chumhacht mar riachtanas sealbhaithe, mar bhua a fhaightear ar rud atá ag cur i do choinne: téann an Toil úd i neart, mar sin, i mbun an angair, nó tugann sí iarracht ar í féin a chur i bhfeidhm ar dhóigh eile. Mar a deir Nietzsche: Is ionann a bheith ann agus treisiú.

Is amhlaidh nach mbíonn fonn ar an toil cumhacht a bhaint amach mar chuspoir ann féin, ach go dteastaíonn uaithi a cumhacht féin a dhearbhú. Seo bunús dearcaidh nua, i dtreo gur féidir na prionsabail idéalacha Phlatónach-Críostaí a chealú agus cur in aghaidh na staire mar a tháinig sí chun cinn faoi anáil Phlatóin.

Leabhair cuir in eagar

  •  
    Tragóid
    Magnus and Higgins, "Nietzsche's works and their themes", in The Cambridge Companion to Nietzsche, Magnus and Higgins (eag.), University of Cambridge Press, 1996, lgh 21–58. ISBN 0-521-36767-0
  • Seung, T.K., Nietzsche's Epic of the Soul: Thus Spoke Zarathustra. Lanham, MD: Lexington Books, 2005. ISBN 0-7391-1130-2
  • Nietzsche, Lettres choisies, litreacha a d'aistrigh Alexandre Vialatte go Fraincis, Gallimard, 1937. 147 litir ó lámh Nietzsche.
  • Friedrich Nietzsche, Correspondance: Giorgio Colli agus Mazzino Montinari a roghnaigh na litreacha, Henri-Alexis Baatsch, Jean Bréjoux agus Maurice de Gandillac a d'aistrigh. Gallimard. Cúig imleabhar; tháinig trí cinn amach.
 
Síniú

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

  • Brian Leiter's Nietzsche Blog: Díospóireacht faoi Nietzsche agus faoina bhfuil ar siúl i léann Nietzsche: blag le Brian Leiter (University of Chicago).