I samhail chaighdeánach an adaimh is an núicléis sa bhfisic, a chuimsíonn na teoiricí a chuireann síos ar nádúr fuinnimh is damhna, pairtnéirí na gcáithníní fo-adamhacha, leis an mais is an ghuairne chéanna ach le lucht urchomhaireach, móimint mhaighnéadach urchomhaireach, agus airíonna difriúla candamacha. Nuair a thagann cáithnín le chéile lena fhrithcháithnín, díothaíonn siad a chéile agus tiontaítear ina fhuinneamh iad, mar a réamhaithris Paul Dirac i 1928. Is é frithcháithnín an leictreoin e- an posatrón e+, agus is é frithcháithnín an phrótóin p+ an frithphrótón p-. Is féidir frithdhamhna a bheadh comhdhéanta as frithcháithníní amháin a shamhlú, ach ní fhaightear go nádúrtha é. Cruthaíodh frith-hidrigin (comhdhéanta as frithphrótón is posatrón) go saorga i CERN i 1996. Cruthaítear na frithcháithníní i luasaire/imbhuailteoir, ina n-imbhuailtear cáithníní fo-adamhacha, ach ní mhaireann na frithcháithníní ach achar gairid. Faightear frithcháithníní i meathluithe áirithe radaighníomhacha is gathanna cosmacha freisin. Ní thuigtear cén fáth go bhfuil a laghad frithdhamhna le fáil go nádúrtha sa Chruinne, agus tá an-chuid taighde ar siúl le himbhuailteoirí is eile ag iarraidh réiteach a fháil ar an bhfadhb.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Frithcháithníní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 288.