San fhisic nua-aimseartha, sainmhínítear frithdhamhna[1] mar dhamhna atá comhdhéanta de fhrithcháithníní (nó "comhpháirtithe") de na cáithníní comhfhreagracha de "gnáth" dhamhna. Gintear líon beag bídeach de fhrithdhamhnaí go laethúil ag luasairí cáithníní - ní raibh sa táirgeadh iomlán ach cúpla nanagram (ng) - agus i bpróisis nádúrtha cosúil le himbhuailtí gathanna cosmacha agus roinnt cineálacha meatha radaighníomhaigh, ach níor éirigh ach le codán beag díobh seo a cheangail le chéile i dturgnaimh chun frithadamh a dhéanamh. Níor cuireadh aon mhéid macrascópach de fhrithadamh le chéile riamh mar gheall ar an gcostas agus an deacracht mhór a bhaineann le táirgeadh agus láimhseáil.

Cáithníní agus frithcháithníní

Tagairtí cuir in eagar

  1. “frithdhamhna” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-09.