Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh

Is éard is Frithsheasmhacht i gcoinne AntaibheathachFhrithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbaigh (FÁF)[1] ann ná an tslí gur féidir le baictéir agus miocróib cur i gcoinne éifeacht na n-antaibheatach. Táthar den tuairim go bhfuil bagairt ann nach mbeidh aon éifeacht ag cuid de na hantaibheathaigh i gcúpla bliain. Tugann taighde le fios go mbeidh FÁF an tsiocair bháis is mó ag daoine faoi 2050 sa Ríocht Aontaithe, rud a chiallaíonn gur bagairt níos tromchúisí ná an ailse í.[2]

Tástáil idirleathadh dioscaː:Stríoctar baictéir a ar mhiasa le dioscaí bána, gach ceann acu líonta le antaibheathach difriúil. Taispeánann fáinní soiléire, cosúil leo siúd ar chlé, nár fhás baictéir - rud a thugann le fios nach bhfuil na baictéir seo frithsheasmhach. Tá na baictéir ar dheis frithsheasmhach go hiomlán do gach ceann de na seacht n-antaibheathach a tástáladh (Kirby-Bauer Disk Diffusion Susceptibility Test Protocol - Jan Hudzicki, ASM)

Is beag cineál antaibheathach a rinneadh fionnachtain air le tamall de bhlianta anois i ngeall ar an gcostas a bhaineann leis is cuireann seo leis an bhfadhb.

Timpeall na cruinne, faigheann thart ar 700,000 duine bás gach bliain de bharr frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh. Faoin mbliain 2050, tá imní ann go mbeidh níos mó daoine ag fáil bháis de bharr na frithsheasmhachta seo ná le hailse

Cúis le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh cuir in eagar

Tarlaíonn an fhrithbheartaíocht nuair nach féidir miocrorgánaigh a mharú le cóir frithmhiocróbach, antaibheathaigh go mór mór. Is substaint nádúrtha nó sintéiseach é ábhar frithmhiocróbach (antaibheathaigh, drugaí frithvíreasacha, drugaí frithfhungasacha nó drugaí frithphrótasólacha) a mharaíonn miocrorgánaigh nó a choisceann fás miocrorgánach.

Tagann frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh chun cinn diaidh ar ndiaidh ach cuirtear dlús leis de bharr dhrochúsáid nó ró-úsáid antaibheathach - i gcás daoine agus ainmhithe araon.

Bealaí leis an bhfadhb a sheachaint cuir in eagar

Leis an gcríoch seo a sheachaint ba chóir leas níos fearr a bhaint as tástálacha diagnóisíocha le pataiginí agus an cineál frithsheasmhachta atá acu a chinntiú roimh chógais a ordú. Bíonn forbairt vacsaíní leis, ina chabhair, mar gur féidir leis cinntiú nach mbeidh galar ar leith ag duine agus nach mbeidh gá dul i muinín na n-antaibheathach. An tslí is fusa ar fad, áfach, dul i ngleic leis, ná láimhseáil cheart a dhéanamh ar na drugaí atá againn faoi láthair.

De bharr nach bhfuil seo á dhéanamh tá ar na heolaithe iarracht a dhéanamh drugaí úra cliste a chumadh le dul i ngleic leis na baictéir. Toisc go ndéanann baictéir éabhlóid an-mhear ar fad is deacair fanacht i bhfad chun tosaigh orthu ó thaobh antaibheathach, ach go háirithe agus cineálacha éagsúla tagtha chun cinn a bhfuil frithsheasmhacht acu i gcoinne na n-antaibheathach is cumhachtaí ar fad. Fós féin tig díriú isteach ar úrchruthú antaibheathach, nó fiú víris a thabhairt do na baictéir (tá siad so-ghabhálach i leith víreas).

Tá taighdeoirí in Ollscoil Luimnigh ag tabhairt aghaidhe ar an gcaoi gur féidir le baictéar amháin a bhfuil frithsheasmhacht aige i gcoinne druga, atáirgeadh agus sliocht de na milliúin a chruthú in aon lá amháin. Tá ráite acu go bhfuil antaibheathach s’acu in ann baictéir atá ar tí a n-atáirgthe a aithint is a mharú. Chomh maith bítear ag caint ar bhaictéarafagaigh, a itheann baictéir, mar leigheas ar an ngéarchéim, ach is iomaí fadhb lena gcomhoiriúnú.

Leagtar béim i dtuarascáil féintionscnaimh Karin Kadenbach. Feisire de Pharlaimint na hEorpa ar a thábhachtaí atá sé ábhar frithmhiocróbach a úsáid go stuama.[3] Tugtar le fios freisin gur chóir díol antaibheathach a theorannú agus gur chóir díolacháin neamhdhleathacha a chomhracagus gur chóir dlús a chur le hinfheistíocht i substaintí nua, agus eolas a scaipeadh i measc an phobail faoin mbaol a bhaineann le ró-oideasú. Mar shampla, ní thuigeann 44% na nEorpach nach ndéanann antaibheathaigh aon mhaith i gcoinne slaghdáin nó fliú.

An rud is tábhachtaí gur féidir leis an bpobal a dhéanamh ná treoracha an lia-chleachtóra a leanúint; réimse cógais a chomhlíonadh san iomlán, agus gan iad a ghlacadh ach amháin sa chás a bhfuil gá leo.

Tagairtí cuir in eagar

  1. ""frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-10-07.
  2. an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD (2016). "Department of Agriculture, Food & the Marine" (ga). www.agriculture.gov.ie. Dáta rochtana: 2020-10-07.
  3. European One Health action plan against antimicrobial resistance (AMR) https://oeil.secure.europarl.europa.eu/oeil/popups/ficheprocedure.do?reference=2017/2254(INI)&l=en