Frithsheasmhacht in aghaidh drugaí

Staid nuair nach bhfreagraíonn othar do dhruga teiripeach. Is féidir go bhfaighidh baictéir frithsheasmhacht trí shóchán géiniteach in aghaidh frithbheathaigh áirithe mar thoradh ar a ró-úsáid nó a mhí-úsáid. Mar shampla, thit na solfónaimídí, an chéad ghrúpa frithbheathach dá raibh ann, as úsáid nuair a d'éirigh cuid mhaith de na gnáthchineálacha baictéar frithsheasmhach ina gcoinne. Mar thoradh air seo, agus an leibhéal íseal sláinteachais i gcodanna bochta de chathracha móra, tá imní ann go dtarlóidh eipidéimí nua galar ionfhabhtaithe, cosúil leis an eitinn, i dtíortha forbartha amach anseo agus nach mbeidh leigheas ar a leithéid. Tá imní ann freisin go n-éireoidh cealla ailse frithsheasmhach amach anseo in aghaidh drugaí atá éifeachtach ina gcoinne anois. Is fadhb shuntasach frithsheasmhacht in aghaidh na ndrugaí frithmhaláire i dtíortha trópaiceacha, mar a bhfaigheann suas le milliún duine bás ón maláire gach bliain. Ar an dóigh chéanna faigheann feithidí is lotnaidí eile frithsheasmhacht in aghaidh na n-oibreán a bhíodh éifeachtach chun iad a choinneáil faoi smacht (mar shampla, DDT).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Frithsheasmhacht in aghaidh drugaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 290.