Taifeadadh fuaime ionas go mbraitheann an t-éisteoir go bhfuil an fhuaim atáirgthe ag teacht ó threonna éagsúla, cosúil leis an bhfuaim bhunúsach. Ní mór dhá mhicreafón ar a laghad a úsáid don taifeadadh, agus ansin dhá challaire chun an dá chainéal scoite fuaime a atáirgeadh. Tugadh téipthaifeadadh dérianach steiréafónach isteach i 1954, ceirníní aonchlaiseacha dérianacha steiréafónacha i 1957, agus tarchur raidió FM (modhnú minicíochta) steiréafónach i 1961.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuaim steiréafónach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 292.