Athrú an fhuinnimh phoitéinsiúil in uisce chuig fuinneamh cinéiteach is ea cumhacht hidrileictreach.

Damba hidrileictreach.
A : taiscumar,
B : lárionad cumhachta,
C : tuirbín,
D : gineadóir,
E : iontógáil,
F : loc-chomhla,
G : línte cumhachta fad-achair,
H : abhainn

Ag airde mhór taobh thiar de dhamba, mar shampla, athraítear ar dtús é i bpíobán ag bun an damba, agus úsáidtear an sreabhadh tapa uisce ansin chun tuirbíní a rothlú is fuinneamh leictreach a ghiniúint.

Deartar an scéim chun gur féidir an próiseas a chur ar aghaidh go leanúnach agus ráta tairiseach ginte fuinnimh leictrigh (cumhacht leictreach thairiseach) a tháirgeadh is a sholáthar.

Stair cuir in eagar

Tá an scéim hidrileictreachais is mó ag teacht chun táirgthe ó Dhamba na dTrí Mhám sa tSín. Roimhe sin, ba é an scéim ba mhó an damba ag Itaipú ar abhainn Parana idir an Bhrasaíl is Paragua, atá ar oscailt ó 1991.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh agus cumhacht hidrileictreach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 294.