An fuinneamh atá stóráilte i réad mar gheall ar a ionad i réigiún ina bhfulaingíonn sé iarmhairt fórsa éigin. Úsáidtear an tsiombail V dó, agus san aonad giúl (J) a thomhaistear é. Mar shampla, faigheann réad fuinneamh poitéinsiúil cothrom leis an obair a dhéantar air chun é a ardú i gcoinne an fhórsa domhantarraingthe os cionn dromchla an Domhain. Nuair a fhuasclaítear é, titeann sé i dtreo na talún agus athraítear an fuinneamh poitéinsiúil go dtí fuinneamh cinéiteach (fuinneamh de bharr a ghluaisne). An obair a dhéantar chun lingeán a bhrú, stóráiltear an fuinneamh sin mar fhuinneamh poitéinsiúil sa lingeán. Is féidir fuinneamh poitéinsiúil luchta dhearfaigh leictrigh a mhéadú ach é a ghluaiseacht níos gaire do lucht dearfach eile.[1]

Bosca Sonraí Méid FisiciúilFuinneamh poitéinsiúil
Cineálcineál fuinnimh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh poitéinsiúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 295.