Cód géiniteach le heolas géiniteach uile an orgánaigh. Sa chuid is mó d'orgánaigh, i seichimh DNA taobh istigh de chrómasóim a bhíonn an t-eolas seo. Tá víris bunaithe ar RNA ann, agus ina gcás siúd is sa seicheamh iomlán RNA a bhíonn an t-eolas seo. Tá raon iontach mór i méid an ghéanóim, ó chúpla míle bunphéire i víreas simplí go dtí beagnach milliún milliún bunphéire i bplandaí áirithe. Is féidir go mbeidh comhdhéanaimh dhifriúla ag géanóm (géinitíopaí) baill éagsúla orgánaigh, ach cuireann géanóm an orgánaigh síos ar sheichimh choitianta shainiúla an orgánaigh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Géanóm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 310.