Sa bhfisic adamhach is núicléach agus fisic na gcáithníní, tugtar g-fhachtóir ar fhachtóir a chuireann síos ar an ngaol idir móimint mhaighnéadach cáithnín ar dhéanamh pointe lena ghuairne. Tugtar g-fhachtóir Landé air freisin, as an bhfisiceoir Meiriceánach Alfred Landé (1888-1976). I gcás na leictreon, is ionann an g-fhachtóir is an cóimheas gíreamaighnéadach in aonaid an mhaighnéadóin Bohr, a ghiorraítear chuig ∫B. Ón teoiric chandamach choibhneasaíoch, i gcás an leictreoin cosúil le pointe, ba cheart gur g = 2, ach tugann na turgnaimh luach timpeall 0.1% níos mó. Déantar na ceartúcháin a ríomh le leictridinimic chandamach (ina samhlaítear an leictreon mar cháithnín lom, timpeallaithe le scamall fótón fíorúil a athraíonn an g-fhachtóir). Réitíonn an luach ceartaithe le torthaí na dturgnamh go dtí níos fearr ná 8 n-ionad deachúil. Is tástáil thábhachtach é seo ar leictridinimic chandamach, a mheastar mar an teoiric is cruinne sa bhfisic mar gheall ar cheartú an g-fhachtóir.[1]


Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "G-fhachtóir". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 314.