Seasann an giorrúchán Rúisise ГУЛагGULag do Главное управление лагерей/Glavnoye upravleniye lagerey, is é sin, Príomhúdarás na gCampaí Géibhinn. Bhí a leithéid sin d'údarás i mbun riarachán na gcampaí géibhinn san Aontas Sóivéadach nuair a bhí Stalin i gceannas ar an tír sin. Is gnách, áfach, "Gulag" a thabhairt sa ghnáthchaint ar chóras iomlán na gcampaí géibhinn.

Sa Bhéarla, tugtar gulag ar aon champa amháin, the gulags ar an gcóras iomlán. Níl an úsáid seo bunaithe ar an Rúisis, áfach. "An Crios" nó "an Limistéar" (зона/zona as Rúisis) a thugadh muintir an Aontais Shóivéadaigh ar chóras na gcampaí. De réir mar a tháinig tuiscint ag muintir an stáit Shóivéadaigh ar an mbrúidiúlacht a bhain leis an stát s'acu go hiomlán, thosaigh siad ag tabhairt великая зона/velikaya zona, "an Crios Mór" nó "an Limistéar Mór", ar an Aontas Sóivéadach féin, agus an chiall ag dul leis an úsáid seo nach raibh mórán difríochta idir saol na gcampaí géibhinn agus an leagan Sóivéadach den tsaoirse.

ceadúnas tiomána, 1941

Is é an téarma a bhí ag na príosúnaigh orthu féin ná зек/zek, agus é bunaithe ar na focail заключённый каналостроитель/zakliuchennyi kanalostroitel, is é sin, príosúnach ag gearradh canála. B'iad an chanáil ó Volga go Don agus an chanáil ón Muir Bhán go Muir Bhailt an dá mhórláithreán tógála ar a raibh príosúnaigh na gcampaí géibhinn ag obair sna fichidí. De réir a chéile, áfach, ghreamaigh an focal de na príosúnaigh uile.

Bhí cineálacha éagsúla de champaí ann. B'é an campa daorbhroide an cineál ba choitianta, ach thairis sin, bhí ionaid speisialta (шарашка/sharashka) ann do na saineolaithe ina raibh siad ag déanamh taighde don Stát, go háirithe ar mhaith leis na fórsaí armtha. Chuirtí daoine folláine i ngealtlanna (психушка/psikhushka) ar chúiseanna polaitiúla—cleachtas a d'éirigh i bhfad níos coitianta i ndiaidh ré Stalin. Bhí campaí speisialta ann do pháistí (nó ní raibh sé as an ngnáth páistí a chimiú san Aontas Sóivéadach), do mháithreacha a raibh leanaí óga acu, agus do dhaoine easlána. I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, bhí campaí ar leith ann do "mhná céile na bhfealltóirí", fiú—is é sin, mná céile na gcimí polaitiúla. I gcampaí áirithe, chuirtí príosúnaigh i mbun oibreacha a raibh an radaighníomhaíocht ag roinnt leo, ag baint úráiniam as an talamh mar shampla, nó ag glanadh iarsmaí na dtástálacha adamhacha.

Príosúnaigh ag obair - 1936-1937

B'é an scríbhneoir Aleksandr Solzhenitsyn a chuir an focal féin i mbéal an phobail leis an leabhar millteanach staire a d'fhoilsigh sé sna seachtóidí, mar atá, Архипелаг ГУЛаг/Arkhipelag GULag, is é sin, Oileánra GULag, nó níos fearr as Gaeilge, Oileánra na gCampaí Géibhinn. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air ar son an leabhair.

Stair cuir in eagar

Bhí campaí daorbhroide á gcur ar bun ón mbliain 1918 ar aghaidh, agus iad sách cosúil le coilíneachtaí daorbhroide (katorga) den chineál a bhí ann le linn na hImpireachta Rúisí féin. B'iad an dá phríomhshaghas ná campaí speisialta Cheka agus gnáthchampaí daorbhroide (seasann an giorrúchán Rúisise ChekaVecheka do "Choiste Seachbhreithiúnach na hUile Rúise", is é sin, coiste ar bronnadh cumhachtaí neamhghnácha air le troid a chur ar naimhde polaitiúla na mBoilséiveach). Bhí cineálacha éagsúla daoine á gcoinneáil sna campaí seo a fuarthas dainséarach nó damáisteach don stát Sóivéadach, ar nós státseirbhísigh a bhí á milleánú faoi chúigleáil nó faoi shabaitéireacht, chomh maith le daoine uaisle, fir ghnó, tiarnaí talún agus naimhde polaitiúla.

 
bothán, músaem sa Laitvia

Meastar, áfach, nár tháinig an córas sin "Gulag" ar an bhfód i gceart roimh an mbliain 1929. B'ansin a d'eisigh Sóivéid na gCoimiseár Pobail (Sovnarkom) reacht rúnda ar an 11ú lá de Mhí Iúil, 1929, faoi úsáid na pianseirbhíse do leas an stáit. Ós rud é gurb é an páirtí a shocraíodh na cúrsaí san Aontas Sóivéadach, ní raibh ann go bunúsach ach feidhmiú na comhairle ar ar chinn Biúró Polaitiúil an Pháirtí ar an 27ú lá de Mhí an Mheithimh roimhe sin. Leis an reacht seo a chur i gcrích, cuireadh GULag féin ar bun, mar bhrainse de rúnseirbhís na Rúise nó OGPU (Obyedinennoye glavnoye politicheskoye upravleniye nó "Príomh-Údarás Aontaithe Polaitiúil an Stáit"), ar an 25ú lá de Mhí Aibreáin, 1930, de réir an ordaithe a tháinig ó Shóivéid na gCoimiseár Pobail ar an 7ú lá den mhí chéanna. Ar dtús, b'é an giorrúchán a d'úsáidtí ná ULag. hAthaimníodh an t-údarás i Mí na Samhna sa bhliain chéanna.

I dtús na dtríochaidí, thosaigh daonra na gcampaí géibhinn ag fás go sciobtha, agus daoine á ngabháil agus á gcaitheamh i dtóin phríosúin i bhfad níos mó ná roimhe sin. Nuair a tháinig lá an Sceimhle Mhóir (1937-1938), agus an purgú mór ag siúl ar an bPáirtí Cumannach féin, chuaigh na príosúnaigh chun líonmhaireachta arís eile. Sna blianta sin, bhí na céadta míle daoine á ndaoradh chun príosúnachta ar an tsiocair go raibh siad ag plé le "frithréabhlóideachas", mar a leagadh amach é i bParagraf Caoga a hOcht ar dhlí coiriúil na bpoblachtaí Sóivéadacha. B'í Mír a Deich den pharagraf seo ba mhó a dhaor daoine, is é sin, an mhír faoi "bholscaireacht fhrithréabhlóideach". Aon duine a déarfadh rud éigin faoin bPáirtí agus místá air, d'fhéadfaí é a mhilleánú faoi "bholscaireacht fhrithréabhlóideach".

 
Gulag Kolyma, 1934

Bhí cuid de na staraithe den tuairim, roimhe seo, go raibh cúiseanna eacnamaíocha leis an dóigh a rabhthas ag cimiú daoine san Aontas Sóivéadach sna tríochaidí. Bhí an stát Sóisialach le tógáil, agus ní thógfaí gan obair na ndaor é. Níl mórán taighdeoirí ag tacú leis an teoiric seo a thuilleadh, ó hosclaíodh cartlanna na Rúise dóibh sna nóchaidí. Mar sin féin, bhí forbairt na gcampaí géibhinn ag leanúint fhorbairt na heacnamaíochta san Aontas Sóivéadach. Tháinig borradh ar na campaí agus ar an tionsclaíocht faoin am céanna.

Mar sin, bhaintí úsáid fhorleathan as na cimí le héachtaí eacnamaíocha a chur i gcrích. Bhítí ag baint acmhainní nádúrtha as an talamh, ag tabhairt cúlriasca na tíre chun míntíreachais agus ag tógáil infreastruchtúr mórscála, ar nós canálacha, dambaí agus monarchana. Sna blianta 1931-32, bhí thart ar dhá chéad míle duine á gcoinneáil sna campaí, ach i lár na dtríochaidí, bhí an ceithre oiread sna campaí, agus trí chéad duine eile sna coilíneachtaí peannaideacha. Nuair a bhí na tríochaidí ag druidim chun deireanais, bhí thart ar mhilliún agus trí chéad míle duine sna campaí.

 
daorobair

I ndiaidh an ionsaí a rinne Hitler ar an Aontas Sóivéadach sa bhliain 1941, thosaigh daonra na gcampaí ag dul i laghad arís. Bhí saighdiúirí ag teastáil leis an namhaid míthrócaireach a stopadh, agus bolscaireacht thírghráúil á déanamh ar fud na tíre, na campaí géibhinn san áireamh. Bhíothas ag áitiú ar na cimí a n-urraim don tír dhúchais a thaispeáint i bpáirc an áir. Is iomaí duine acu a thug aird ar an mbolscaireacht agus a chuaigh chun cogaidh lena onóir a fháil ar ais. Ní mórán de na daoine seo a tháinig slán as, nó ba nós iad a chur san áit ba mhó dainséir, agus iad ag troid i gcathláin speisialta pheannaideacha. Na cimí a d'fhan thiar sna campaí, shiúil an bás orthusan chomh maith sna blianta 1942-43, nó bhí an tír go léir i ndubhfhaopach, agus an bia gann.

I ndiaidh an chogaidh, d'fhás daonra na gcampaí arís eile. Na saighdiúirí Sóivéadacha a ghéill iad féin do na Gearmánaigh, ní raibh ach meas an fhealltóra ag Stalin orthu. Izmenniki rodiny nó fealltóirí ar thír a ndúchais a tugadh orthu go hoifigiúil. Mar sin, cuireadh sna campaí géibhinn iad. Nuair a tháinig na saighdiúirí Sóivéadacha chun fortachta do na príosúnaigh i gcampaí gáis Hitler, is iomaí cime Sóivéadach ansin a cuireadh i gcampa de chuid Stalin ina dhiaidh sin. Duine acu seo, thabharfadh sé croí isteach d'fhear a chomhdhúchais a ruaig na séiléirí agus a d'oscail an doras dó, agus an bheirt acu suite siúráilte gurb í an tsaoirse í anois. Ansin, áfach, thiocfadh lucht na rúnseirbhíse, agus iad ag "cur ceastóireachta" ar chimí den chineál seo—agus as go brách go dtí na campaí Sóivéadacha le mo dhuine.

 
músaem i Laitvia

Níorbh é sin an t-aon chúis leis an dóigh a ndeachaigh daonra an "oileánra" in airde i ndiaidh an chogaidh. Nó is amhlaidh go raibh gorta ag siúl ar cheantair áirithe na tíre, agus ainriail is anord ag teacht sna sálaí ag an ocras. Leis an anord sin a choinneáil faoi smacht, chuaigh na húdaráis i dtuilleamaí na láimhe láidre. Is é sin, cuireadh le déine na ndlíthe in aghaidh gadaíochta, agus iad siúd a bhí ag goid bia lena n-ocras a shásamh, ba sciobtha a fuair siad iad féin i gcampa daorbhroide.

Is iomaí Polannach, Eastónach, Laitviach agus Liotuánach a chaith seal i gcampaí géibhinn an Aontais Shóivéadaigh, nó bhí tíortha dúchais na náisiúntachtaí seo gafa ag na díormaí Sóivéadacha i ndeireadh an chogaidh. Bhí an Eastóin, an Laitvia agus an Liotuáin nascghafa ag an stát Sóivéadach, agus theastaigh ó Stalin scothaicmí náisiúnta na dtíortha seo a chur de dhroim an tsaoil nó a chloí, le nach gcuirfidís isteach ar an Sóivéadú sna blianta a bhí le teacht. Maidir leis an bPolainn, ní raibh aon chineál freasúra ná frithbheartaíocht de dhíobháil air sa tír sin ach an oiread.

Fuair Stalin bás i Mí na Márta den bhliain 1953. Lean an Stát leis ag coinneáil córas na gcampaí géibhinn ag imeacht, seal, ach ansin, tosaíodh ar na cimí a scaoileadh saor ar chúla téarmaí. Gnáthchiontóirí ba mhó a bhí ag fágáil na gcampaí, ar dtús, nó bhí an chéad ollmhaithiúnas teorannaithe dóibh siúd nach raibh ach téarma cúig bliana, nó ní ba ghairide fós, le déanamh acu.

De ghnáth, bhí téarmaí ní b'fhaide á gcur isteach ag na cimí polaitiúla. Sa bhliain 1954, áfach, thosaigh na húdaráis ag oscailt na ndoras dóibh siúd freisin, agus ansin, tháinig athrú ar na cúrsaí. Cháin Nikita Khrushchev Stalin ina óráid rúnda ag an bhFíchiú hArd-Fheis de chuid Pháirtí Cumannach an Aontais Shóivéadaigh i Mí Feabhra, 1956. Ina dhiaidh sin, ní raibh sé indéanta ná ciallmhar ní ba mhó na cimí polaitiúla a choinneáil istigh, agus ba léir go raibh ré GULag ag druidim chun deireanais.

D'éirigh na cimí amach in aghaidh na n-údarás in áiteanna, go háirithe i gKengir i Mí na Bealtaine den bhliain 1954. Siúd is gur cloíodh Éirí Amach Kengir agus na ceannaircí eile den chineál seo le lámh láidir, threisigh siad leis an tuiscint a fuair an lucht rialtais féin ar chomh dodhéanta a bhí sé córas na gcampaí géibhinn a choinneáil beo a thuilleadh.

I ndeireadh na gcaogaidí, bhí córas na sluachampaí géibhinn ag imeacht go tiubh, siúd is go raibh na coilíneachtaí peannaideacha ann go fóill. Ar an bhfichiú lá de Mhí Eanáir, 1960, chuir ordú na Roinne Gnóthaí Inmheánacha GULag de dhroim an tsaoil go deifnídeach.

 
leacht cuimhneachái, gulag Kolochava,

Meastar inniu go raibh thart ar fhiche milliún duine cimithe sna campaí géibhinn, agus gur cuireadh 1,606,748 duine chun báis, de réir na dtaifead oifigiúil. Na scológa, áfach, a tugadh ar shiúl óna mbólaí dúchais le cur fúthu i gcoilíneachtaí peannaideacha, dealraíonn sé go bhfuair 390,000 duine acu, ar a laghad, bás idir na blianta 1932 agus 1940, agus an droch-chaoi a bhí ar a saol san áit nua. Is léir gur fhág an campa an-ghoimh ar gach duine a chaith a sheal ansin, idir chorp agus intinn, agus gur giorrú beatha do chuid mhaith acu ab ea é.

Saol cuir in eagar

Chaithfeadh na príosúnaigh cuótaí arda táirgiúlachta a chomhlíonadh, agus na séiléirí á gcéasadh go brúidiúil. Bhí an bia gann, agus is iomaí cime, go háirithe ó na poblachtaí Meán-Áiseacha nó ó chodanna eile teo an Aontais Shóivéadaigh, nach raibh in ann geimhreadh na Sibéire a fhulaingt. Bhí campaí ann ina bhfaigheadh ochtar cime as gach deichniúr bás i rith an chéad chúpla mí.

De ghnáth, bhíodh na cimí ag leagan crann nó ag mianadóireacht, agus ba mhaslach an cineál oibre iad an dá chuid. An duine a bhí ag obair sna poill mhianaigh, ba dócha go gcaithfeadh sé 13,000 cileagram a thochailt in aghaidh an lae. Ní raibh aon duine in ann a leithéid d'éacht a chur i gcrích, agus mar sin, chaithfeadh na príosúnaigh dul i muinín cur i gcéill, nó tuftá, mar a thugtaí air as Rúisis—an cuntasóir a bhreabadh nó a mhealladh chun torthaí breise a bhreacadh síos dóibh.

An té nach gcomhlíonfadh a chuóta, chaillfeadh sé a arán laethúil, agus ansin, bhí a chnaipe déanta. Tháinig an t-ocras mór air nach ligfeadh dó obair a dhéanamh, agus mura ndéanfadh sé obair fhónta, ní bhfaigheadh sé a chuid bia ar ais. Ansin, chaith sé tréimhse ghairid ama ag ithe an rud a dtiocfadh sé trasna air sa charn aoiligh, go dtí nach raibh lá beatha fágtha ann a thuilleadh - ní raibh ann, ansin, ach dokhodyaga, ábhar marbháin. É siúd ar a dtugtaí udarnik, is é sin, "oibrí mórbhuille", nó an cime a bhí ábalta na cuótaí a chomhlíonadh agus a shárú, ní raibh seisean sábháilte ach an oiread. Is fíor go bhfaigheadh sé tuilleadh bia agus beatha, ach ba mhinic nár leor breis an bhia mar chúiteamh sa bhreis oibre. Ní raibh sé as an ngnáth go n-iompódh an t-udarnik féin ina dokhodyaga, beag beann ar an mbia breise, agus an dóigh a dtuirsíodh sé é féin ag obair.

Is minic a chuirtí príosúnaigh ag obair faoi choinníollacha a bhí as compás ar fad. Cé go raibh aeráid na Sibéire fuar feanntach, ní bhfuair siad a ndóthain éadaí teo. Ní raibh leigheas ná dochtúireacht ar fáil ach an oiread, agus an fhiacail ar tháinig goimh inti, baineadh amach í. Ní raibh fuinneamh ná vitimíní sa scamhard a choinneodh beatha i nduine a bhí ag obair go crua, agus bhí an chuid ba mhó de na cimí ag obair go fíorchrua. Mar sin, bhí galair anáis, ar nós an ghalair charraigh, ag rith damhsa sna campaí. Bhí an fhoireann riaracháin agus na hiontaobhaithe—na príosúnaigh a raibh pribhléidí acu—ag goid bia a bhí ceaptha do na gnáthphríosúnaigh, agus mar sin, ba mhinic nach bhfaigheadh an gnáthphríosúnach fiú an oiread bia agus a bhí dlite dó.

Na Gnáthchiontóirí agus na Cimí Polaitiúla cuir in eagar

An chuid ba mhó den am a bhí Stalin i gceannas ar an tír, bhí sé de nós ag na húdaráis caitheamh leis na gnáthchiontóirí mar dhaoine a bhí "cóngarach" nó "gaolmhar" ar "chúiseanna sóisialta"—sotsial'no-blizkiye as Rúisis. Is é sin, b'é an dearcadh a bhí ann ná nach raibh sna gnáthchoirpigh ach lucht oibre a bhí ar strae. Na cimí polaitiúla, áfach, ba "naimhde aicmeacha" nó "naimhde don phobal" iad, is é sin, daoine a bhí doleigheasta, mar a déarfá. Sin é an tuige go raibh saol ní b'fhusa ag na gnáthchiontóirí sna campaí, agus an fochultúr a bhí i réim ina measc, glacadh leis go forleathan mar chuid de shaol na gcampaí.

Geografaíocht cuir in eagar

 

Nuair nach raibh córas na gcampaí géibhinn ach ag teacht ar an bhfód, b'é an príomhchritéar a bhí ag na húdaráis le háit ar leith a roghnú do champa ná chomh hiargúlta is a bhí sí. Ba mhinic a d'iompaítí seanmhainistreacha ina gcampaí géibhinn, agus iad bunaithe, fadó, ag manaigh a chuaigh ar lorg na scoiteachta is an uaignis. Sampla de seo is ea iad Oileáin Solovetsk, nó Solovki, ag an Muir Bhán. B'ansin a bunaíodh ceann de na campaí is sine, SLON, go gairid i ndiaidh Réabhlóid Dheireadh Fómhair sa bhliain 1918.

Ar dtús, b'é an coincheap a bhí á chur chun tosaigh ag na húdaráis ná go raibh Solovki ceaptha mar áit "athoideachais" dóibh siúd nach raibh tuiscint acu go fóill do chomh forásach is a bhí córas polaitiúil na mBoilséavach. Bhí, fiú, cead a gcos ag na hintleachtóirí imtheorannaithe taobh istigh de na hOileáin. Bhí nuachtáin agus irisí á gcur in eagar agus taighde á dhéanamh. Sa deireadh thiar, áfach, chaill Solovki an stádas speisialta, agus hiompaíodh an áit ina gnáthchampa de chuid GULag, agus deir staraithe áirithe go raibh Solovki ar an chéad ghnáthchampa, fiú, agus é ceaptha mar mhúnla do na cinn eile.

Cibé scéal é, nuair a tháinig Maksim Gorki, an scríbhneoir, go dtí Solovki sa bhliain 1929, bhí an áit chomh dona le cibé campa géibhinn cheana féin. An cur síos a thug sé ar an áit i ndiaidh an turais, áfach, bhí sé an-mholtach ar fad, mar a shamhlófá le scríbhneoir oifigiúil an rialtais. De réir Solzhenitsyn, chuaigh buachaill óg i láthair Gorki i ndeireadh an turais le fírinne an scéil a insint don scríbhneoir nach raibh feicthe aige ach an feistiú stáitse a rinneadh go speisialta ina araicis. I ndiaidh an chomhrá, tháinig na deora le Gorki, ach nuair a d'fhág sé an campa géibhinn, cuireadh an buachaill chun báis. Is deacair a rá, an bhfuil craiceann fírinne ar bith ar an scéal seo.

Nuair a tuigeadh go mbeadh na cimí níos saoire ná an lucht oibre saor, tosaíodh ag tógáil campaí in aice leis na lárionaid tionsclaíochta. Mar sin, b'iad na príosúnaigh a ghearr an chanáil ón Muir Bhán go Muir Bhailt, "Belomorkanal", agus húsáideadh cimí fosta le cuid mhór de choras meitreo Mhoscó a thógáil. B'iad na cimí, go bunúsach, a thug an tAontas Sóivéadach chun tionsclaíochta ó na tríochaidí go dtí na caogaidí, nó is iomaí scéim tógála nó forbartha a bhí i dtuilleamaí na gcampaí géibhinn le haghaidh lucht oibre.

Bhí an chuid ba mhó de na campaí suite i gcríocha corracha cúil na Sibéire, in oirthuaisceart iargúlta na tíre, go háirithe ar fud Abhainn Kolyma (SevvostlagSevero-Vostochnye Lagerya, is é sin, Campaí an Oirthuaiscirt) nó i dtimpeallacht Norilsk (Norillag). Bhí cruinneagán eile san oirdheisceart, sa Chasacstáin. Go ginearálta, bhí na háiteanna seo suite i bhfad ón tsibhialtacht, agus ní raibh bóithre ar bith ag dul ansin. Le fírinne, chaithfeadh na príosúnaigh na bóithre a ghearradh is na hiarnróid a thógáil iad féin.

Bhí mianraí le baint as an talamh agus crainn le leagan, áfach—obair chrua a bhí an-oiriúnach do na cimí, dar leis na húdaráis. Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air go raibh cuid mhaith campaí scaipthe ar fud an Aontais Shóivéadaigh, taobh amuigh de na cruinneagáin mhóra. Thairis sin, bhí príosúin nó campaí aonair ag údaráis slándála an Aontais Shóivéadaigh i dtíortha a bhí faoi smacht na Rúiseach, cosúil leis an bPolainn, leis an Ungáir nó leis an Mongóil.

Ní raibh gach campa ina dhún daingnithe. Cuid acu, ní raibh iontu ach limistéar príosúnachta agus na séiléirí ag dul timpeall. B'í aeráid fhuar na Sibéire in éineacht leis na madraí a d'fhéachadh chuige nach n-éalódh aon duine de na cimí. Sna fichidí agus sna tríochaidí, bhíodh na treibheacha bundúchasacha Sibéaracha ag cuidiú leis na príosúnaigh agus iad ag éalú, ach d'athraigh a ndearcadh siúd in imeacht an ama.

Cuid acu siúd a bhí ag éalú, fíor-chiontóirí a bhí iontu a bhain mí-úsáid de shórt éigin as cineáltacht na mbundúchasach. Thairis sin, bhí duaiseanna arda á dtairiscint d'aon duine a chabhródh le héalaitheoir a chur ar ais go dtí an campa. Bhí pionós trom ag bagairt ar an séiléir a dteipfeadh air éalaitheoir a stopadh, ach san am céanna, bhí ardú pá ag dul don té a mharódh an cime a bhí ag iarraidh teitheadh ón gcampa.

Uaireanta, cuireadh dornán príosúnach in áit éigin iargúlta le campa nó coilíneacht a thógáil ansin as a stuaim féin. Ansin, chaithfidís tithíocht a sholáthar dóibh féin nó bás a fháil le fuacht.

Tionchar cultúrtha cuir in eagar

Mhair córas na gcampaí géibhinn thar daichead bliain, agus chuaigh sé i bhfeidhm ar chultúr an Aontais Shóivéadaigh agus an domhain ar bhealach neamhghnách. Foilsíodh na chéad chuimhní cinn ó na campaí Sóivéadacha roimh an dara cogadh domhanda, ach ó b'éigean do na tíortha Iartharacha comhoibriú a dhéanamh leis na Sóivéadaigh chun an ceann is fearr a fháil ar Hitler, ligeadh na leabhair seo i ndearmad arís.

B'é Inny świat ("An Saol Eile") le Gustaw Herling-Grudziński, a tháinig i gcló sa bhliain 1951, an chéad leabhar tábhachtach faoi na campaí Sóivéadacha i ndiaidh an chogaidh. Scríobhadh an leabhar deich mbliana roimh an chéad saothar le Solzhenitsyn, agus bhí an-rath uirthi. San Fhrainc, áfach, bhí an-tionchar ag na Cumannaigh ar an saol cultúrtha, agus mar sin, is fuar an fháilte a fearadh roimh shaothar Herling-Grudziński ansin.

Is é Arkhipelag GULag an leabhar is tábhachtaí le Aleksandr Solzhenitsyn, ar ndóigh, ach is é an chéad scéal a scríobh sé faoi na campaí géibhinn ná Odin den' Ivana Denisovicha, is é sin, "Aon Lá Amháin i saol Ivan Denisovich". Cuireadh i gcló ar an iris Novyi Mir é, arbh í an iris litríochta ba mhó le rá san Aontas Sóivéadach í. Nuair a tháinig deireadh le ré Nikita Khrushchev, áfach, agus an Stailíneachas ag dul chun treise arís, cuireadh cosc leis an scéal, agus baineadh de na leabharlanna poiblí é. B'é an scéal seo an chéad saothar liteartha a chuir sna súile ar mhuintir an Aontais Shóivéadaigh an oiread géarleanúna a rinne rialtas a dtíre féin orthu.

D'imigh sin agus tháinig seo, nó ar na saolta deireanacha, chuaigh GULag go mór mór i bhfeidhm ar chultúr is ar smaointeachas na Rúise comhaimseartha, agus an dóigh a raibh amhránaithe tíre, ar nós Aleksandr Galich agus Vladimir Vysotskiy, ag scaipeadh amhránaíocht na bpríosúnach i measc na ndaoine agus ag cumadh amhrán faoi shaol na gcimí. D'fhág leathchaint na gcampaí géibhinn a sliocht ar an Rúisis labhartha sna seascaidí agus sna seachtóidí.

Na cuimhní cinn a tháinig as peann scríbhneoirí cosúil le Solzhenitsyn, Yevgeniya Ginzburg, Varlam Shalamov, Alexander Dolgun agus scríbhneoirí eile, rinne siad fianaise leis an oiread misnigh agus a bhí fanta i sochaí an Aontais Shóivéadaigh i ndiaidh an iomláin. Cháin na scríbhneoirí seo neamhshuim mhuintir na tíre i leith na n-ainghníomhartha a bhí déanta ag na seirbhísí rúnda, ag na séiléirí agus ag an gcóras polaitiúil ar fad, ach san am céanna, chuir siad laochra nua os comhair na ndaoine, is é sin, cimí cróga nach raibh oileánra na gcampaí géibhinn in ann a ndiúnas a chloí i ndiaidh an iomláin.

Scéal eile fós gur chuidigh córas na gcampaí géibhinn le saol cultúrtha na Sibéire a fhorbairt. Tháinig borradh ar an amharclannaíocht in áiteanna iargúlta ar nós Magadan, agus an oiread ealaíontóirí ardcháiliúla is a díbríodh ansin!

Míntíreachas cuir in eagar

Bhí sé ceaptha freisin go gcuideodh córas na gcampaí géibhinn le críocha corracha cúil na Sibéire agus áiteanna iargúlta eile a thabhairt chun míntíreachais agus a choilíniú.

Bhí rath nár bheag ar an bpolasaí, dháiríre. An duine a bhí tar éis an chuid ba mhó dá théarma príosúnachta a chur isteach, d'fhéadfadh sé saoirse a fháil, ar acht go gcuirfeadh sé faoi i dtimpeallacht an champa géibhinn. Iad siúd a bhí tar éis an téarma iomlán a chur díobh, ba mhinic nach raibh cead acu filleadh abhaile go dtína mbólaí dúchais, go háirithe iad siúd a tháinig ó Mhoscó nó ó Leningrad: is amhlaidh go raibh ceadúnas ar leith, nó propiska, de dhíth le cur fút i gceachtar de na cathracha móra seo.

Is minic a bhí siad chomh clóite leis an saol i dtimpeallacht an champa géibhinn is nár theastaigh uathu an áit a fhágáil a thuilleadh. Thairis sin, bhí dearcadh tarcaisneach, ciniciúil acu ar an tsaoirse mar rud cibé, i ndiaidh a bhfaca siad sa champa: bhí siad suite siúráilte go dtiocfadh an rúnseirbhís á ngabháil arís ar shiocair shuarach éigin, i gceann cúpla mí: bheadh sé chomh maith acu fanacht in aice leis an gcampa.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • MEMORIAL — eagraíocht a choinníonn cuimhne ar na príosúnaigh agus ar na daoine a cuireadh chun báis i mblianta an Stailíneachais
  • Oileánra na gCampaí Géibhinn le hAleksandr Solzhenitsyn. Le léamh ar an Idirlíon sa bhunteanga.

Tagairtí cuir in eagar