Gaeilge Oiriall

canúint a labhraíodh in Ard Mhacha, Lú agus Muineachán fadó

Is í Gaeilge Oiriall an chanúint a labhraíodh in Ard Mhacha, agus Muineachán fadó.[1]

teorainn Contae Lú / Contae Ard Mhacha

Litríocht cuir in eagar

Tá cáil ar fhilí Oirghialla ón ochtú haois déagSéamas Dall Mac Cuarta, Peadar Ó Doirnín, Art Mac Cumhaigh agus Cathal Buí Mac Giolla Ghunna.

Bhí ceangal láidir idir Seosamh Mac Grianna agus ceantar Oirghialla.[2] I samhradh 1935, thug Mac Grianna cuairt ar Ghaeltacht dheireanach Chúige Laighean in Ó Méith Mara. Bbhí sé ag teagasc i gColáiste Bhríde. Is ann, trí thionchar an Athar Uí Mhuirí, a chuir sé eolas ar fhilí Oirghialla ón ochtú haois déag.

Nuair a d'imigh an Ghaeilge as ceantar Oirghialla sa 20ú haois, tháinig glúin nua ar an tsaol lena hoidhreacht a thíolacadh do ghlúnta eile, Peadar O Dubhda agus a leithéid. Chuir scoláirí Eigse Oirghialla sraith leabhar ar fáil. Scríobh Pádraigín Ní Uallacháin leabhar, A Hidden Ulster: People, Songs and Traditions of Oriel (2003).[3]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Oirialla/Oriel" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-09-29.
  2. Shane Ó Curraighín, Sinéad Ingoldsby, Fearghal Ó Maolagáin (Iúil 2016). "Siompóisiam ar shaothar Sheosaimh Mhic Grianna ar an Iúr < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2021-09-29.
  3. "A Hidden Ulster" (as en) (2021-03-04). Wikipedia.