Is éard atá i nGaelcholáiste ná ionad oideachais dara leibhéal ar oileán na hÉireann, lasmuigh den Ghaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge mar an bpríomhtheanga oideachais agus cumarsáide. Murab ionann agus Gaelscoil, is don mheánscoil a thagraíonn Gaelcholáiste.

Is iad na heagraíochtaí Gaeloideachas agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (nó COGG) a dhéanann ionadú agus a thacaíonn leis na Gaelcholáistí i bPoblacht na hÉireann agus Comhairle na Gaelscolaíochta ó Thuadh. Tacaíonn Gaeloideachas freisin le scoileanna Gaeilge sa Ghaeltacht freisin.
Gaelcholaiste an Phiarsaigh

Is iad na heagraíochtaí Gaeloideachas agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (nó COGG) a dhéanann ionadú agus a thacaíonn leis na Gaelcholáistí i bPoblacht na hÉireann, agus Comhairle na Gaelscolaíochta ó Thuadh. Tacaíonn Gaeloideachas freisin leis na scoileanna Gaeltachta freisin.

Coláiste de hÍde i dTamhlacht, Baile Átha Cliath 24
Coláiste Mhuire, An Chabrach

Cumas acadúil cuir in eagar

Léiríonn na figiúirí go dtéann an-chuid de na daltaí a fhreastalaíonn ar Ghaelcholáistí ar aghaidh go dtí cúrsaí tríú leibhéal. Scoil lán-Ghaeilge í an iarbhunscoil ‘is fearr’ sa tír ó thaobh mic léinn a sholáthar d’institiúidí tríú leibhéal, gan táillí a íoc. De réir eolais a foilsíodh san Irish Times in 2022, bhí Gaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gCill Mhantáin ar bharr liosta na scoileanna ar fad sa stát a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal.[1] Scoileanna táille do lucht an airgid ba ea na cinn eile ar an deichniúr is fearr.

De réir na hanailíse a rinne an Irish Independent ar na figiúirí in 2022, chuaigh 74% de dhaltaí a rinne an Ardteist i mbliana ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal ach 83% de dhaltaí a bhí i gceist i gcás na ngaelcholáistí.[1]

Stair cuir in eagar

Gaelcholáistí le linn na mblianta 2010-2020 cuir in eagar

In 2020, bhí 31 Ghaelcholáiste agus 17 n-aonad dara leibheál Gaeilge ar oileáin na hÉireann agus breis is 12,000 dalta ag freastal orthu. Bhí breis is 3,000 dalta i mbun oideachais dara leibhéal trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta freisin.

Osclaíodh Gaelcholáiste an Phiarsaigh i Ráth Fearnáin agus Coláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín in 2014, agus osclaíodh Gaelcholáiste Charraig Uí Leighin i gCarraig Uí Leighin agus Gaelcholáiste Dhoire i nDún Geimhin in 2015.

Osclaíodh Gaelcholáiste Mhic Shuibhne i gCnoc na hAoine i gCathair Chorcaí in 2019 agus osclaíodh Ghaelcholáiste Mhaigh Nuad i Maigh Nuad in 2020.

Is minic go mbíonn sé mar chuspóir mheántéarmach ag na hAonaid Ghaeilge stádas Ghaelcholáiste a bhaint amach.

Liosta na nGaelcholáistí cuir in eagar

Baile Átha Cliath & an timpeallacht cuir in eagar

  • Scoil Chaitríona (Glas Naíon, Áth Cliath)
  • Coláiste Chilliain (Cluain Dolcáin, Áth Cliath)
  • Gaelcholáiste Chill Dara (An Nás, Cill Dara)
  • Coláiste Cois Life (Leamchán, Áth Cliath)
  • Coláiste de hÍde (Tamhlacht, Áth Cliath)
  • Coláiste Íosagáin / Coláiste Eoin (Baile an Bhóthair, Áth Cliath)
  • Coláiste Ghlór na Mara (Baile Brigín, Áth Cliath
  • Coláiste Mhuire (Bóthar Rath Tó, Cabrach, Áth Cliath)
  • Gaelcholáiste an Phiarsaigh (Ráth Fearnáin, Áth Cliath)
  • Gaelcholáiste Mhaigh Nuad (Maigh Nuad, Cill Dara)
  • Gaelcholáiste na Mara (An tInbhear Mór, Cill Mhantáin)
  • Coláiste Ráithín (Bré, Cill Mhantáin)
  • Gaelcholáiste Reachrann (Domhnach Mide, Áth Cliath)
  • Coláiste na Tulchann, Cluain Saileach (Áth Cliath)

Sna cúigí cuir in eagar

  • Coláiste Ailigh (Leitir Ceannain, Dún na nGall)
  • Gaelcholáiste Charraig uí Leighin (Corcaigh)
  • Gaelcholáiste Cheatharlach (Ceatharlach)
  • Gaelcholáiste Chéitinn (mar chuid de CTI Clonmel, Tiobraid Árann)
  • Gaelcholáiste Chiarraí (Trá Lí, Ciarraí)
  • Coláiste na Coiribe (Gaillimh)
  • Coláiste an Eachréidh (Áth an Rí, Gaillimh)
  • Meánscoil Gharman (Inis Córthaidh, Loch Garman)
  • Gaelcholáiste Luimnigh (Luimneach)
  • Gaelcholáiste Mhic Shuibhne (Cnoc ha hAoine, Corcaigh)
  • Coláiste an Phiarsaigh (Corcaigh)

An Tuaisceart cuir in eagar

  • Gaelcholáiste Dhoire (Doire)
  • Coláiste Feirste (Béal Feirste)

Féach Freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Pádraic Ó Ciardha (15 Nollaig 2022). "Gaelcholáiste ar an scoil ‘is fearr’ sa tír a sholáthraíonn mic léinn d’institiúidí tríú leibhéal" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-23.