Cill atáirgthe ar leith a chónascann le gaiméit eile den ghnéas eile le linn toirchithe chun siogóit amháin a chruthú. Bíonn na gaiméití haplóideach, le sraith crómasóm amháin, agus an siogóit dioplóideach, le sraith péirí crómasóm, ceann de gach péire ó cheann de na gaiméití. De ghnáth, bíonn na gaiméití idirdhealaithe: gaiméit fhireann (an speirm a bhíonn soghluaiste, gan mórán cíteaplasma) agus gaiméit bhaineann (an ubh nó an t-ubhán, do-ghluaiste le han-chuid cíteaplasma is roinnt miteachointrí, de réir cineáil).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gaiméit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 299.