Laghdú sa teocht dhealraitheach a bhraitheann duine nuair a bhíonn sé amuigh sa ghaoth. Méadaíonn gaoth láidir an chailliúint teasa go mór ó chraiceann nochtaithe. Ag teocht íseal is i ngaoth láidir, is furasta hipiteirme a chur ar dhuine. Mar shampla, más -18 °C teocht an aeir, agus gaoth 7 m s-1 ag séideadh, is í -38 °C an teocht dhealraitheach.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gaothfhuarú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 305.