Garbhán creagach
Is planda ilbhliantúil coitianta é an garbhán creagach[1] (Saponaria officinalis) ón bhfine Caryophyllaceae. Síneann an raon nádúrtha garbháin chreagaigh ar fud na hEorpa agus na hÁise. Fásann sé in áiteanna fionnuara ag airdí ísle nó measartha faoi fhálta agus le taobh bóithre. Bláthaíonn sé sa leathsféar thuaidh ó Bhealtaine go dtí Meán Fómhair, agus sa leathsféar theas ó Dheireadh Fómhair go dtí Márta.
Saponaria officinalis | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | saponaria extract (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Caryophyllales |
Fine | Caryophyllaceae |
Géineas | Saponaria |
Speiceas | Saponaria officinalis L., 1753 |
Úsáid sheachtrach cuir in eagar
Is féidir é a úsáid mar shópa an-shéimh, i dtuaslagán caol de ghnáth.
Úsáid inmheánach cuir in eagar
Féadann ródháileog masmas, buinneach, agus urlacan a thabhairt.
D'ainneoin a acmhainneacht thocsaineach, úsáidtear an garbhán creagach mar eiblitheoir san ullmhúchán Tahini agus beoir a chruthú i ngrúdaireacht.
Ceimic cuir in eagar
Tá an flavón saponarin sa gharbhán creagach.
- ↑ ““Saponaria officinalis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.