Is é an gearánaí (nó an gearánach) an páirtí i gcúis dlí a bhfuil an chaingean tionscanta aige - is é sin, an duine a "chuir an dlí" ar an gcosantóir. Mar shampla, is féidir go bhfuil sé thíos le coir, agus é ar lorg réiteach dlí. Má éiríonn leis, beidh breithiúnas na cúirte fabhrach dó, agus ansin, tabharfaidh an chúirt an t-ordú cúirte is cuí.