Is cathair í Geelong (fuaimniú: /dʒəˈlɒŋ/) atá suite ar Bhá Corio agus an Abhainn Barwon, i stát Victoria, an Astráil. Is í an dara cathair is mó sa stát í.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilGeelong

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 38°09′S 144°21′E / 38.15°S 144.35°E / -38.15; 144.35
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria
Local government area of Victoria (en) AistrighCity of Greater Geelong (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán184,182 (2014) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús148.53 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla1,240 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde14 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1838
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáingeelong.vic.gov.au Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Bhí an tréibh Bundúchasach Wathaurong ina gcónaí i Geelong agus an Leithinis Bellarine ar dtús. Ba é Lt. John Murray, ceannaire an bháid Lady Nelson, an chéad Eorpach a shroich an ceantar, rud a tharla sa bhliain 1802. Bunaíodh coilíneacht ar chósta Bá Sullivan, ar an taobh eile de Bá Port Phillip sa bhliain 1803, (theip air sa bhliain dár gcionn). D’éalaigh William Buckley ón phríosún, agus d’fhan sé le na Wathaurong ar Leithinis Bellarine ar feadh 32 bhliain ina dhiaidh sin.

Bunaíodh an baile sa bhliain 1838. Fuarthas ór i mBallarat in aice láimhe, sa bhliain 1851, agus mhéadaigh an baile dá bharr sin; bhí 23,000 daoine ina gcónaí i Geelong sa bhliain 1855.

Aeráid cuir in eagar

Geelong – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 45.3 47.4 41.5 34.8 27.6 23.4 20.5 25.8 29.6 37.1 37.3 43.1 47.4
Meán-uasteocht an lae (°C) 24.4 24.9 23.1 20.2 17.1 14.4 13.9 15.0 16.5 18.6 20.7 22.7 19.3
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 12.8 13.6 12.0 9.5 7.8 6.1 5.4 5.8 6.6 7.6 9.5 10.9 9.0
Teocht is ísle (°C) 4.5 5.8 3.4 1.4 0.0 -3.7 -4.3 -2.1 0.6 0.6 2.6 3.3 −4.3
Meán-bháisteach (mm) 33.0 29.8 31.9 45.5 46.5 42.2 49.2 49.1 49.7 51.3 52.8 40.1 522.6
Foinse: Bureau of Meteorology[1] Eanáir 2011


Méain cuir in eagar

An nuachtán is sine sa tír is ea The Geelong Advertiser, a bunaíodh sa bhliain 1840. Cuirtear an Geelong Independent (saor in aisce), agus an Geelong News i gcló chomh maith. Tá seirbhís theilifís saor in aisce ar fail i gceantar Geelong, a chraoltar ó Melbourne.

Oideachas cuir in eagar

Méanscoileanna: Coláiste Naomh Seosamh (‘St. Joseph’s College’ i mBéarla), Coláiste Clonard, Coláiste an Croí Naofa (‘Sacred Heart College’), An Coláiste Geelong, Scoil Ghramadach Geelong.

Spórt cuir in eagar

Peil Astrálach – Geelong Cats.


Tagairtí cuir in eagar

  1. (Béarla) "Climate statistics for Australian locations – Grovedale (Geelong Airport)", Bureau of Meteorology (20 Eanáir, 2011).

Naisc sheachtracha cuir in eagar