Geert Wilders
Polaiteoir agus pobalóir de chuid na hÍsiltíre, i bhfad amach ar an eite deise, is ea Geert Wilders (a rugadh ar 6 Meán Fómhair 1963). Is Eoraisceipteach é Wilders atá i gcoinne na hinimirce agus nach gcreideann san athrú aeráide ach oiread.[1] Bhunaigh sé an PVV[2], 'Páirtí ar son na Saoirse' nó 'Party for Freedom', san Ísiltír in 2006, páirtí frith-inimirce, Ioslamafóibeach agus frith-Eorpach.[3]
Tá stíl ghruaige ar leith ar Wilders agus tugtar "fear na gruaige buí" air uaireanta, lena ghruaig leathfhada, daite fionn le sárocsaíd.[4]
Tionchar cuir in eagar
Ó 2006 ar aghaidh, bhí tionchar as cuimse ag Wilders agus a Pháirtí ar son na Saoirse ar pholaitíocht na hÍsiltíre.[5] Ar fhaitíos go gcaillfidís vótóirí a rachadh le gluaiseacht Wilders, bhog páirtithe na heite deise níos faide ar dheis, agus bhog páirtithe na heite clé i dtreo an láir. Páirtí "nuachoimeádach" an iar-phríomhaire Mark Rutte (idir 2010 agus 2023, ó am go ham), an VVD ba mhó a bhog i dtreo Wilders.[5]
Sa bhliain 2017, níor éirigh le Wilders an bua a fháil san olltoghchán.[5]
Ar 21 Samhain 2023, bhí bua mór ag PVV Geert Wilders san olltoghchán. Bhí ríméad ar pholaiteoirí na heite deise ar fud na hEorpa tar éis an olltoghcháin, agus an -tathrú mór i saol na polaitíochta san Ísiltír, dar leo. Chuir polaiteoirí ar nós Viktor Orban san Ungáir agus Marine Le Pen sa Fhrainc fáilte is fiche roimh na torthaí.[1] Ach bhí an-imní ar ghrúpaí Ioslamacha sa tír mar gheall ar an Ioslamafóibe a léirigh Wilders le roinnt blianta anuas. Agus 37 as 150 suíochán ag pháirtí Wilders, is ar éigean go n-éireoidh leis an PVV agus páirtithe na heite deise agus an láir comhrialtas a chur le chéile eatarthu féin.[6] Bhí sé ráite ag ceannairí fhormhór mór na bpáirtithe eile nach go rachaidh siad i gcomhrialtas leis.
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ 1.0 1.1 COnradh na Gaeilge, Londain (25 Samhain 2023). "Nuacht Mhall (An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-12-02.
- ↑ Páirtí voor de Vrijheid
- ↑ Alex Hijmans (9 Nollaig 2015). "Wir haben es nicht gewüsst: fás na hIoslámafóibe san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-23.
- ↑ Alex Hijmans (2010). "Rogha Chinniúnach san Ísiltír" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-11-23.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Alex Hijmams (Márta 16 2017). "Diúltaithe ag muintir na hÍsiltíre do Geert Wilders den cheathrú huair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-07-10.
- ↑ Alex Hijmans (23 Samhain 2023). "Páirtí frith-inimirce seanbhunaithe Geert Wilders ar an an bpáirtí is mó san Ísiltír" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-23.