Geoiméadracht theilgeach

Staidéar ar fhigiúir gheoiméadracha agus a bhfuil i gcomhar acu lena scáileanna (mar shampla, airíonna líne nó cuair, sainmhínithe ag iltéarmach de chéim ar leith). Cheap Gerard Desargues (1591-1661) an t-ábhar, agus bhain feidhm as chun staidéar na gcónach a shimpliú, mar is coibhéiseach na héilipsí, na parabóilí is na hipearbóilí uile sa gheoiméadracht theilgeach. Ar an mbealach céanna, d'éirigh le Newton na cuair chiúbacha uile a shimpliú chuig 5 chineál. D'athbheoigh an matamaiticeoir Francach Jean Victor Poncelet (1788-1867) is an matamaiticeoir Gearmánach August Ferdinand Möbius an t-ábhar sna 1820idí, agus ó shin is í an brainse geoiméadrachta is bunúsaí dá bhfuil ann. Ní chaomhnaítear airíonna a bhaineann le fad i dtrasfhoirmithe teilgeacha. Is tearc iad airíonna teilgeacha figiúr, bíodh gur bunúsach iad. Is áisiúil an gheoiméadracht theilgeach chun ceisteanna faoi líon cuar de chineálacha ar leith a fhreagairt agus staidéar geoméadrach a dhéanamh ar réiteach cothromóidí.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Geoiméadracht theilgeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 314.