Georges Bizet
cumadóir Francach
Cumadóir ceoil a rugadh i bPáras ab ea Georges Bizet (Alexandre César Léopold Bizet, 25 Deireadh Fómhair 1838 – 3 Meitheamh 1875).
Ceol cuir in eagar
Is é an ceoldráma Carmen (1875) a shárshaothar.
Sa bhliain 1872 chum Bizet ceol ag gabháil leis an dráma L'Arlésienne (An Bhean as Arlés, 1872) le Alphonse Daudet. Cé gur theip ar an léiriúchán mar dhráma, thaitin an ceol le Bizet agus bheartaigh sé sraith a chumadh bunaithe ar an gceol. D’éirigh thar barr leis.[1]
Bás cuir in eagar
Ba mhéala mór a bhás. Bhí sé trom ar an tobac. Tháinig taom croí air agus é ach 36 bliain d'aois.[2]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ COGG.ie (2012). "Fonn Ceoil, Leabharán C". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Georges Bizet". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 77.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |