Is cathair bheag í Gernika (Bascais) nó Guernica as Spáinnis i dTír na mBascach i dtuaisceart na Spáinne. Tugtar Gernika-Lumo go hoifigiúil ar an gcathair mar gheall ar aontas le baile Lumo.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilGernika
Gernika-Lumo (eu) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 43°19′01″N 2°40′36″W / 43.316944444444°N 2.6766666666667°W / 43.316944444444; -2.6766666666667
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneTír na mBascach Theas
Cúigí na SpáinneAn Bhioscáin
Comarcas of Biscay (en) AistrighBusturialdea (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairGernika-Lumo Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán17,050 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,982.56 hab./km²
Teanga oifigiúilan Bhascais (teanga cheannasach) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deIntercommunalité des services sociaux de Busturialdea (fr) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla8.6 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde10 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1366
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Guernica y Lumo Cuir in eagar ar WikidataJosé María Gorroño Echebarrieta Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist48300 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód94 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh48046 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingernika-lumo.net… Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an chathair lonnaithe i gcúige Bizkaia (Bascais) nó Vizcaya (Spáinnis). Suíonn Junta nó parlaimint Bizkaia ann. Tá dlúthbhaint idir an chathair, príomhchathair ársa Thír na mBascach, agus náisiúnachas na mBascach mar bhailíodh Comhthionóil traidisiúnta Bizkaia ann faoi dhair, an Gernikako Arbola.[1]

Stair cuir in eagar

Taobh amuigh den Spáinn tá cáil ar an gcathair mar gheall ar an bpictiúr a pheinteáil Pablo Picasso i 1937 den aerbhuamáil an Léigiúin Condor den Luftwaffe ar an gcathair le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.

Scriosadh trí cheathrú den bhaile agus maraíodh na céadta (ar a laghad) ar an lá fuilteach úd, an 26 Aibreán 1937.[2] Níl mórán den seanbhaile ársa fágtha sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de chúpla foirgneamh mar an tseaneaglais i lár an bhaile, a sheas go dúshlánach in éadan bhuamadóirí Hitler agus Mussolini.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Liz Curtis (Sam 2005). "Tionscadal a thugann daoine ón dá thraidisiún le chéile" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  2. Ciara Nic Gabhann (EAGRÁN 73 · BEALTAINE 2007). "Buamáil Gernika: eachtra uafásach a spreag ealaíontóir chun gnímh" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2022-04-26.

Naisc sheachtracha cuir in eagar