Ábhar an-chothaitheach a tháirgeann faireoga seileacha na mbeacha meala chun an mháthair áil, is na larbhaí a bheidh ina máithreacha, a chothú. Timpeall 20 aimíonaigéad is vitimíní éagsúla inti, vitimín B is C ar a laghad, agus rianairí potaisiam, cróimiam, mangainéise, is nicile. Níl aon rud nimhiúil inti, ach níor thángthas ar aon chomhábhar inti a fhéadfaidh dea-iarmhairtí ar leith a imirt ar riochtaí cosúil le hairtríteas réamatóideach nó tuirse ainsealach, mar a mholann na táirgeoirí. Úsáidtear í i gcosmaidí chun an craiceann a athnuachan, ach arís ní fios cén comhábhar inti a fhéadfaidh é sin a dhéanamh.[1]

Larbhaí ríoga ag fás agus iad ar maos i nglóthach ríoga

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Glóthach ríoga". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 323.