Hormón is ea glúcagón. Polaipeiptíd atá ann, a fhaightear i veirteabraigh agus a shintéisítear sa phaincréas, sna hA-chealla in insíní Langerhans. Táltar é mar fhreagairt ar thiúchan íseal glúcóis sa bhfuil. Is í a phríomhghníomhaíocht tiúchan an ghlúcóis sa bhfuil a mhéadú trí athrú na glicigine san ae go dtí glúcós a chur chun cinn. Spreagann sé tál insline is sómatastaitine sa phaincréas agus hormón fáis.[1]

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachGlúcagón
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach3,482.7 Da
Tacsón ina n-aimsítear é
Rólessential medicine (en) Aistrigh agus protein fragment (en) Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachC₁₅₃H₂₂₅N₄₃O₄₉S
Eile
táirge íocshláinte bitheolaíocha

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Glúcagón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 324.