De réir mar a d'fhorbair is a d'fheabhsaigh an teicneolaíocht sna ríomhairí digiteacha thar am, roinntear an stair i nglúine. Sanntar meaisíní luatha na 1940idí-1950idí, tógtha le feadáin fholúsacha theirmianacha, don chéad ghlúin. Sa dara glúin, cuireadh trasraitheoirí scoite in ionad na bhfeadán. Sa 4ú glúin, tháinig ciorcaid iomlánaithe in ionad na dtrasraitheoirí scoite. Sa 4ú glúin, tógadh na ríomhairí le ciorcaid iomlánaithe ar ollscála (VLSI). Anois, i ríomhairí den 5ú glúin, tá airíonna cosúil le hintleacht shaorga acu ionas gur féidir, mar shampla, cumarsáid a dhéanamh leo i dteanga nádúrtha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Glúine ríomhairí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 324.