Gluaiseacht na nEalaíon agus na Ceardaíochta

Gluaiseacht Shasanach, den chuid is mó, san ailtireacht, an ealaín agus na healaíona feidhmitheacha sa dara cuid den 19ú céad. Mhol sí úsáid lámhcheirdeanna agus maisiú simplí mar mhalairt ar thionsclaíocht is eicléicteachas sna healaíona. Bunaithe ar obair William Morris, agus is sampla maith den stíl an Teach Dearg dá chuid (1859, deartha ag Philip Webb). Bhí scríbhinní Pugin is John Ruskin tábhachtach sa ghluaiseacht. Ba í a haidhm ghinearálta ná cuma na hailtireachta is na healaíne agus a modhanna táirgthe a athrú ó bhun. Bhí tionchar fadtréimhseach ag an ngluaiseacht ar ailtireacht sa Bhreatain, an Ghearmáin is na Stáit Aontaithe, agus toradh suntasach uirthi ab ea gluaiseacht pleanála na gcathracha gairdíneacha.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Gluaiseacht na nEalaíon agus na Ceardaíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 323.