Gofraidh Fionn Ó Dálaigh

Ba é Gofraidh Fionn Ó Dálaigh († 1387) ardollamh na hÉireann lena linn agus an-mheas ag éigse na tíre ar a shaothar ar feadh na gcéadta bliain tar éis a bháis.

Infotaula de personaGofraidh Fionn Ó Dálaigh
Beathaisnéis
Bás1387
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Bhain Gofraidh Fionn le teaghlach cáiliúil filí. Tá a lán dá chuid dánta ar marthain fós agus iomrá le Filidh Éireann go haointeach, dán faoi thionól éigse a chuir Uilliam Buí Ó Ceallaigh ar bun ina chaisleán i gContae Ros Comáin um Nollaig sa bhliain 1351.[1]

Dán eile dá chuid is ea A chláirsioch Chnuic Í Chosgair.[2]

A chláirsioch Chnuic Í Chosgair
chuirios súan ar síorrosgaibh,
a nuallánach bhinn bhlasda,
ghrinn fhuaránach fhorasda.

A chlár buadha as bláith mínlearg,
a mhonghárach mhéirfhírdhearg,
a cheóladhach do chealg sinn,
a dhearg leómhanach láinbhinn...

Tá a fhógra mairbh le fáil in Annála Ríochta Éireann sa bhliain 1387 (M1387.4):[3]

Goffraidh Fionn Ó Dalaigh ard-ollamh Ereann le dán & Ruaidhri Ó Cianáin saoi seanchadha, & ollamh Oirghiall eisidhe do écc.

Liosta dánta cuir in eagar

  • Bean Torrach, fa Tuar Broide
  • Mairg mheallas muirn an tsaoghail
  • A chnuic thoir re taoibh Ealla
  • A chros thall ar an dtulaigh
  • A fhir théid i dTír Chonaill
  • A Ghearóid, déana mo dháil
  • Beir eolas dúinn, a Dhomhnuill
  • Do tógbhadh meirge Murchaidh
  • Fa ngníomhraidh measdar meic ríogh
  • Fuirigh go fóill, a Éire
  • Gaois Ailbhe i n-inghin Domhnuill
  • Iongaibh thú orm, a Iarla
  • Maith an locht airdríogh óige
  • Teach carad do-chiu folamh

Nótaí cuir in eagar

  1. Knott, Eleanor, “Filidh Éireann go haointeach,” Ériu 5 (1911): 50–69.
  2. A chláirsioch Chnuic Í Chosgair ar CELT
  3. Annals Ríochta Éireann M1387.4: Annála of the Four Masters ar CELT
Réamhtheachtaí
Máel Íosa Ua Dálaigh
Ollamh Éireann
?–1387
Comharba
Cearbhall mac Lochlainn Ua Dálaigh

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • L. Mac Kenna, A Poem by Gofraidh Fionn Ó Dálaigh, JSTOR.
  • Selected Poems
  • To a Harp Curtha i gcartlann 2020-02-18 ar an Wayback Machine
  • McKenna, Lambert (January 1919), "Historical Poems of Gofraidh Fionn Ó Dálaigh" (PDF), The Irish Monthly, aisghafa 2010-10-15