Gráig na Manach

baile i gContae Chill Chainnigh

Is sráidbhaile é Gráig na Manach[1] (Béarla: Graiguenamanagh  Graignamanagh) a chiallaíonn "srádbhaile na mánach", atá suite i gContae Chill Chainnigh, Éire.  Tá sé suite ar bóthar réigiúnach R705 ag teorainn Chontae Cheatharlach ar Abhainn na Bearú ag bun Chnoc Brandon. Tá Mainistir an Dubhuisce suite inti, an mhainistir is mó agus b'fhéidir is deise de na tríocha mainistreacha Chistéirseach meánaoise is ceithre in Éirinn.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilGráig na Manach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°32′00″N 6°57′00″W / 52.533333°N 6.95°W / 52.533333; -6.95
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,476 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde32 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie27222
Mullach Cnoic Bhreandáin

Iompar phoiblí cuir in eagar

Cuireann Kilbride Coaches seirbhís ar fáil a chruthaíonn nasc idir an baile agus Cill Chainnigh via Gabhrán.[2]

Stair cuir in eagar

D'fhorbair Abhainn na Bearú, mhórbhealaigh faoi leith go stairiúil, mar bealach tráchtála i lár an ochtú haois déag agus bhí Gráig na Manach mar an bhunáit is mó le haghaidh tráchtála báirsí ag feidhmiú ar an abhainn go dtí gur cuireadh stad le báirse tráchta sa bhliain 1959. Anois, tá bád pléisiúir in ionad na báirsí a bhíodh ag taobh na gcé.

Tá fothracha den séipéal luath-Chríostaí 'séipéal Ulaird' gar don bhaile, a bhí bunaithe ag Naomh Fiachra sa séú haois. Bhog Naomh Fiachra go dtí an Fhrainc ina dhiaidh, áit atá aithne air mar St Fiacre, agus a bhunaigh sé an manaistir cháiliúil i Meaux. Is é an éarlamh de garraíodóra agus tiománaí tacsaithe; cuireadh fiacre ar tacsaithe Fraincise in ómós do. Tá fothracha den sean-mhainistir Thigh Moling suite cúpla míle síos an abhainn, in áit atá rí-áille agus rí-shuimiúil de réir stair.

 
Gráig na Manach.

Caitheamh aimsire cuir in eagar

Tá siúlóidí agus dreapaóireacht i measc na caitheamh aimsire is mó i limistéir Ghráig na Manach agus leis an mBealach Deisceart Laighean ag lúbadh trí ghleann álainn na bearú agus in aice láimhe Chnoc Bhréanail, tá scóip le haghaidh spaisteoireachta nó fánaíocht bríomhar, fada. Ina measc na áiseanna uisce a chuireann an Bearú ar fáil tá áiseanna iascaireachta, snáimhe, cadhcáil agus curachóireacht. I Graigue, mar a chuirtear ar an baile go minic, tá club rámhaíochta agus an dá clubanna spóirt, an C.L.G agus an club sacair, Highview Athletic.

I lár an bhaile, tá roinn stair áitiúla cuimsitheach ag an leabharlann dathúil nua-aimseartha. Soláthraíonn sé seirbhísí Idirlín don phobal agus, i dteannta a chuid feidhmeanna eile, cuireann siad taispeántais ealaíne ar siúl ó ham go am. Tugann an Cumann Staire ghníomhach de Ghráig na Manach urraíocht freisin do shraith cainteanna agus léachtaí ag an ionad seo le linn shéasúr an gheimhridh. Tá The Abbey Centre in aice leis an leabharlann, is é atá i gceist inti ná Dánlann Ealaíne Críostaí agus músaem beag. Anseo freisin d'fhéadfadh féachaint ar an bParóiste Breithe agus Pósta Cláir Ghráig na Manach.

Mainistir an Dubhuisce cuir in eagar

 
Radharc de chorp na heaglaise ón 13ú haois i stíl luath-Sasanaigh a d'athchóireadh i 1974.[3]

Bhunaigh William Marshall Mainistir an Dubhuisce i 1204, atá ainmnithe as an abhainn bheag Dubhuisce (Dubh uisce) a cheanglaíonn leis an Bearú anseo, agus a bhí faoi chois Anraí VIII i 1536. Tá iarsmaí den mhainistir faoi leith ag cúl na tithe atá suite ag an taobh oirthear den tSráid Mhór Íochtarach. D'athchóirigh an séipéal mór gotach "luath-Sasanach" sna seachtóidí agus tá mionsamhail sa phasáiste thuaidh a thugann léargas ar an mainistir mar a bhí sé sa cheathrú haois déag.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Gráig na Manach/Graiguenamanagh | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-02-16. Dáta rochtana: 2017-10-19.
  3. Stalley, Roger (1987).

Léitheoireacht cuir in eagar

  • 'Graiguenamanagh:A Town and its People', John Joyce,(Graigue Publications,1993).
  • 'The Old Grey Mouse', Sean Swayne, (The Abbey Centre,1995).
  • 'Tinnahinch: A Village within a Town', Owen Doyle & Colm Walshe, (Graiguenamanagh Historical Society, 2003).
  • 'The O'Leary Footprint' (Philip E. Murphy and J. David Hughes eds), (The O'Leary Archive,2004).
  • 'Graiguenamanagh Families', Owen Doyle & Colm Walshe, (Graiguenamanagh Historical Society,2006).
  • 'Graiguenamanagh:A Varied Heritage', John Joyce, (Graiguenamanagh Historical Society, 2009).