Ealaín agus teicneolaíocht a bhaineann le deoch alcólach (den chuid is mó, saghas beorach) a dhéanamh ó ghránbharr. Cuirtear an gráinne ar bogadh in uisce, agus ligtear dó ginidiú. Stoptar an ginidiú trí théamh (braicheadh), meiltear an gráinne chun a lucht a nochtadh, agus déantar brúitín de trí é a láisteadh le huisce te chun tuaslagán carbaihiodráití inchoipthe (an bhraichlis) a tháirgeadh. Is féidir siúcra a chur leis seo. Fiuchtar an bhraichlis i ndamhach le leannlusanna chun blaiseadh is boladh a thabhairt di. Agus í fionnuar, cuirtear giosta léi. Coiptear gnáthbheoir ag barr an tsoithigh. Le giosta eile, coiptear ag bun an tsoithigh í chun lágar a tháirgeadh.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Grúdaireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 335.