Grianghrafadóireacht Schlieren

Bealach chun íomhá fhótagrafach a dhéanamh d'athruithe dlúis i leacht thrédhearcach. Braitheann sí ar athraonta an tsolais ionsaithigh de bharr na ndifríochtaí dlúis sa leacht. Baintear feidhm as, mar shampla, in anailísiú turgnamh tolláin gaoithe chun na patrúin sreibhe is brú a léiriú timpeall an réada sa tollán.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Grianghrafadóireacht Schlieren". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 333.