Guaire

baile i gContae Loch Garman

Is baile margaidh i dtuaisceart Chontae Loch Garman é Guaire[1] (Béarla: Gorey), ar bhóthar N11 idir Baile Átha Cliath agus Loch Garman. Tá ceangal bóthar iarann freisin comhthreomhar leis seo. Dar le daonáireamh 2016, bhí 10,366 duine ina gcónaí ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilGuaire

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°40′37″N 6°17′30″W / 52.676902°N 6.291733°W / 52.676902; -6.291733
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán7,193 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde48 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistY25 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie53072
Suíomh gréasáingoreytc.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Cúig chiliméadar ón mbaile tá Baile na Cúirte, ionad saoire le trá dheas, a dtagann cuairteoirí chuige as Baile Átha Cliath agus as bailte móra eile sa taobh sin tíre.

1894, b'fhéidir

Bhí cónaí ar an údar Diarmaid Ó Súilleabháin sa bhaile ar feadh na mblianta go dtí gur éag sé i 1985. Bhí sé ina mhúinteoir i Scoil na mBráithre. Ba é Baile na Cúirte an múnla a bhí aige do Bhailethaca san úrscéal Maeldún, aor géar faoi staid na tíre sna seascaidí.

Is as Guaire freisin do Paul Funge Curtha i gcartlann 2004-11-27 ar an Wayback Machine ealaíontóir a rinne cuid de na clúdaigh ar leabhair Dhiarmada Uí Shúilleabháin.

Is iomaí áis atá ar fáil sa bhaile tá cúig bhunscoil Gaelscoil Moshíológ Guaire, Scoil Naomh Íosaif Guaire, Scoil Foghlaim Le Chéile Guaire, Scoil Loreto agus an 'central school'.

Freisin tá dhá scoil dara leibhéil sa bhaile. Pobalscoil Guaire atá mar an scoil is mó sa tír le breis is 1,600 dalta inti. De bharr an ró phlódú sa phobalscoil oscalaíodh coláiste an chraobhaí I 2011 tá thart ar 600 dalta inti. Freisin freastalaíonn roinnt mic léinn ar scoileanna eile sa cheantar ina measc Meánscoil Gharman in Inis Córthaidh, Gaelcoláiste na Mara san t-inbhear Mhór, Coláiste Bríd I gcarn an bhua agus an gairmscoil I gcill mhucraise. Freisin tá scoil ealaíne ar fáil sa bhaile ar lána Mary Ward in aice leis an bpobalscoil.

I ndiaidh na blianta de feachtais oscalaíodh leabharlann nua-aimseartha in 2011.

Tagairtí cuir in eagar