Gwenwynwyn ab Owain

Rí Powys

An rialtóir deireanach de chuid lár na Breataine Bige roimh dheireadh na hionradh Normannaigh ab ea Gwenwynwyn ab Owain Cyfeiliog (a chailleadh circa 1216).

Infotaula de personaGwenwynwyn ab Owain
Beathaisnéis
Breith12 haois
Bás1216 (>Meitheamh 1216)
Powys Wenwynwyn
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteGruffydd ap Gwenwynwyn, Madog ap Gwenwynwyn Cuir in eagar ar Wikidata
AthairOwain Cyfeiliog  agus Gwenllian ferch Owain Gwynedd

Sinsir cuir in eagar

Garmhac le hOwain Gwynedd ab ea é, a bhí i réimeas faoi Powys Theas ón mbliain 1195, tar éis sheilbh a ghlacadh óna athair, Owain Cyfeiliog.

Comhrac le Llywelyn Mór cuir in eagar

Nuair a ghlac sé seilbh ar Phowys Wenwynwyn, chuaigh sé i gcomhrac le Llywelyn Mór, rialtóir Gwynedd, a raibh dúil aige a dhlínse féin a leathnú faoi na Breataine Bige go hiomlán.

Comhrac le Eoin, Rí Shasana cuir in eagar

Bhí Eoin Shasana i bhfabhar Gwenwynwyn go dtí go ndearnadh comhaontas pósta idir Llywelyn agus iníon tabhartha Eoin. Bhí síocháin eatarthu ina dhiaidh sin go dtí 1208. Mar thoradh ar ghníomhaíochtaí Gwenwynwyn, ghlac Eoin seilbh ar a chuid tailte agus tugadh cead do Llywelyn Ceredigion agus Powys a ghoid.

Ní thugadh a chuid thailte ar ais go ceann dhá bhliain, ach mar gheall ar an ndoicheall a bhí aige don Sasanaigh, chuaigh sé i gcomhaontas le Llywelyn, a mhair ó 1212 go dtí 1216, nuair a thug Seán roinnt thailte de chuid Gwenwynwyn ar ais dó. Dá bharr sin, thit na prionsaí Breatnacha as a gcéile arís.

Bás agus Comharbhacht cuir in eagar

Rinne Llywelyn ionradh ar Phowys, agus creidtear gur éag Gwenwynwyn sa bhliain chéanna. Maireadh lena mhac Gruffydd ap Gwenwynwyn é, ar a gcuirtear an locht do bhás Llywelyn Deireanach, an prionsa dúchasach deireanacha de chuid na Breataine Bige.