Staraí Sean-Ghréagach ab ea Héaradatas (Gréigis: Ἡρόδοτος Ἁλικαρνᾱσσεύς Hērodotos Halikarnāsseus) (c. 484 - 425 RC). Thug Cicearó athair na staraíochta air. Tháinig sé chun saoil i Halacarnasas (inniu, Bodrum sa Tuirc). Chaith sé seal ina chónaí ar oileán Samos. Thaistil sé timpeall na Meánmhara chuig an Éigipt, an Áise Bheag, an Bhablóin agus an Ghréig, agus é ag bualadh le daoine ó chultúir éagsúla. Chuaigh sé go dtí an Aithin in aois a sheacht mbliana déag is fiche, agus é ag tarraingt go maith le Peiricléas agus dlúthchara leis, Sophocles. I ndeireadh na dála chuir sé faoi i Thourioi, deisceart na hIodáile, áit a bhfuair sé bás. Bhí suim aige sna cogaí idir na Gréagaigh is na barbaroi, is é sin, na neamh-Ghréagaigh. Bhí an-suim aige sna trioblóidí a bhíodh ann san am idir an t-oirthear (na Peirsigh) agus an t-iarthar (na Gréagaigh), ag iarraidh míniú a thabhairt ar bhua na nGréagach i gCath Mharatóin sa bhliain 490 RC. Ba thaighdeoir é a scríobh tuarascálacha de réir na breathnóireachta a rinne sé féin, chomh maith le hagallaimh a chuir sé ar dhaoine, le scéalta agus le cuntais a tháinig ó pheann scríbhneoirí eile. Chaith sé na blianta ag cur le chéile cuntas cuimsitheach ar ar tugadh an t-ainm Historiai (= ‘Fiosrúcháin’).

Infotaula de personaHéaradatas

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(grc) Ἡρόδοτος Ἁλικαρνᾱσσεύς
Beathaisnéis
Breithc. 484 "RCh"
Hailicearnasas Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 425 "RCh"
58/59 bliana d'aois
Thurii Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheHailicearnasas
Samas
Thurii
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, scríbhneoir, polaiteoir, tíreolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn tSean-Ghréigis
Saothar
Saothar suntasach

Musicbrainz: 07b1876f-1afc-43c8-8d28-1d3498ef0654 Cuir in eagar ar Wikidata

Ó bhí sé ar na chéad daoine a rinne iarracht cuntas eolaíoch a thabhairt ar na laethanta a bhí, go bhfios dúinn, is é an leasainm atá air inniu ná "athair na staraíochta". Cé go bhfuil amhras ann faoi chruinneas a chuid foinsí, tá cáil air mar cheannródaí ag baint feidhme as modhanna na heolaíochta le taifead beacht barainneach a choinneáil ar chúrsaí is ar imeachtaí na staire.