Is é an héiliam an dara dúil is éadroime. Is é an ceann is éadroime de na triathgháis, leis, agus ós rud é nach bhfuil ach aon leictreonsceall ann, níl an t-ochtréad leictreonach aige ar an sceall is faide amuigh, nó ní thugann an K-sceall áit ach do dhá leictreon.

WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachHéiliam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Héiliam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachHe
Uimhir adamhach2
Mais adamhach4.002602
Cumraíocht leictreon1s²
Peiriad, Grúpapeiriad 1
triathgháis
Airíonna fisiceacha
Dlús0.1785 kg/m⁻³
Leáphointe−272.05, luach ar iarraidh, 0.95 agus −458
Fiuchphointe−268.9 agus −452.07
Comhéifeacht athraonta1.000036
Leictridhiúltacht4.5
Stair
AimsitheoirPierre Janssen, Norman Lockyer agus William Ramsay
Fionnachtain18 Lúnasa 1868
EapainmHelios

fiuchphointe agus leáphointe an héiliam níos ísle ná mar atá siad ag aon dúil eile, agus mar sin, ní bhíonn an dúil seo ar fáil ach mar ghás faoi ghnáth-imthoscaí. Le fírinne, ní féidir an héiliam a iompú ina sholad faoi ghnáthbhrú an atmaisféir. In áit sioc, is dual dó iompú ina leacht de chineál aisteach, ar a dtugtar forshreabhán nó Héiliam II. Tá an forshreabhán beagnach saor ó shlaodacht. Mar sin, ní féidir é a choinneáil i gcoimeádán oscailte, agus é ag dreapadh thar bhruach an tsoithigh as a stuaim féin.

Léasar héiliam

Cé gurb é an héiliam an dara dúil is flúirsí san ollchruinne, ní fhaightear mórán de ar an Domhan. Is é is cúis leis ná nach dtéann sé i gcomhdhúile ceimiceacha, mar thriathghás, agus tá sé chomh héadrom, mar ghás, is nach bhfuil imtharraingt an Domhain in ann é a choinneáil san atmaisféar thar na céadta bliain. Tá héiliam ar fáil sa ghás nádúrtha, áfach, agus soláthar leanúnach ann sa talamh, ós rud é go dtáirgíonn na dúile troma radaighníomhacha héiliam de réir mar atá an meath ag teacht orthu. Is amhlaidh gurb é an t-alfa-mheath is dual don úráiniam agus don tóiriam, na dúile radaighníomhacha is tábhachtaí agus is troime atá ar fáil sa dúlra, agus níl san alfa-cháithnín, go bunúsach, ach núicléas an iseatóip is coitianta de chuid an héiliam.

Tá dhá iseatóp chobhsaí ag an héiliam, is é sin, Héiliam a Trí agus Héiliam a Ceathair. Tá dhá phrótón agus aon neodrón amháin i núicléas an chéad cheann acu, agus dhá phrótón is dhá neodrón ag an dara ceann. Is é Héiliam a Ceathair is coitianta acu, nó níl ach iarsmaí beaga den iseatóp éadrom le fáil i héiliam an atmaisféir. Táirge don mheath radaighníomhach atá ann, chomh maith leis an iseatóp is troime, nó is dual don tritiam, iseatóp radaighníomhach na hidrigine, Héiliam a Trí a dhéanamh, agus béite-cháithnín a astú.

Baintear leas as an héiliam sa chrióiginic, i ngléas ocsaigine le haghaidh domhaintumadóireachta, in éadromáin, agus mar ghás cosanta ilúsáideach. Mar thriathghás, ní féidir don héiliam imoibriú ceimiceach a dhéanamh leis na dúile eile, agus mar sin, ní oibríonn sé ar orgánach an duine ar aon nós ná slí. Ní nimh atá ann, mar sin. Agus an méid sin ráite, ní mór cuimhne a choinneáil air go bhfuil an héiliam in ann duine a thachtadh, mura gcuirtear a dhóthain ocsaigine leis. Spéisiúil go leor, má mheasctar héiliam tríd an aer análaithe, cuirfidh sé cársán barrúil i nguth an duine ar feadh tamaillín.

Tagairtí cuir in eagar