Harvey Weinstein

léiritheoir scannán Meiriceánach

Is léiritheoir scannán Meiriceánach - agus iar-mogul Hollywood - é Harvey Weinstein (a rugadh ar an 19 Márta 1952). Boc mór i saol na scannán ar feadh 40 bliain ba ea é, go dtí 2017. Spreag a chuid iompair an ghluaiseacht #MeToo.

Infotaula de personaHarvey Weinstein

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Márta 1952
72 bliana d'aois
Nua-Eabhrac, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Buffalo
John Bowne High School (en) Aistrigh
State University of New York at Buffalo School of Management (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreScannánaíocht
Suíomh oibre Nua-Eabhrac Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmléiritheoir scannáin, stiúrthóir scannán, aisteoir, léiritheoir feidhmiúcháin, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1981 –  2017
FostóirThe Weinstein Company, cathaoirleach (2005–2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
CéileGeorgina Chapman (2007–2021), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínBob Weinstein
Ciontaíodh iéigniú (2020)
ionsaí gnéasach (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Harvey Weinstein sexual abuse cases (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do

IMDB: nm0005544 Allocine: 31495 Allmovie: p116278 TV.com: people/harvey-weinstein IBDB: 76193
Twitter: harveyweinstein Musicbrainz: 0e8e6cee-3ce6-429e-8d25-4f9badc0ad7d Discogs: 2779927 Cuir in eagar ar Wikidata

Léirigh sé scannáin mór le rá amhail Pulp Fiction, The English Patient agus Shakespeare in Love,

Rula Jabreal & Harvey Weinstein, 2010
Floortje Smit, 16 D.F 2017 : in Ísiltíris agus i mBéarla

Mí-iompar gnéis cuir in eagar

Idir 2017 agus 2022, chúisigh breis is 90 bean Weinstein as mí-iompar gnéis.[1] Ba é cás Weinstein an cás ba mhó a spreag an feachtas #MeToo sa bhliain 2017, inar inis mná don saol mór faoi fhir chumhachtacha a bhain mí-úsáid astu.

Chuir go leor mná a gcuid líomhaintí os comhar an pobal in imscrúdú 2017 leis an New York Times, agus thug a nguthanna móiminteam don ghluaiseacht #MeToo.[2]

2018 cuir in eagar

Tugadh cás sibhialta in aghaidh comhlachtaí Weinstein in 2018.[3]

2020 cuir in eagar

Ar an 24 Feabhra 2020 i gcúirt i Nua-Eabhrac, ciontaíodh Weinstein in éigniú den tríú grád agus gníomh coiriúil gnéis den chéad ghrád, ach fuarthas neamhchiontach é sna cúiseanna ba thromchúisí ar fad a cuireadh ina leith – ionsaí gnéis creiche agus éigniú den chéad ghrád.[4]

Gearradh trí bliana is fiche príosúin ar Harvey Weinstein i mí an Mhárta 2020 as na coireanna gnéasacha.

2021 cuir in eagar

Ar an 26 Eanáir 20221, i gcás sibhialta i Nua Eabhrac, bronnadh dámhachtain damáistí, ar luach $17 milliún san iomlán, ar níos nó ná 50 bean.[5][6]

2023 cuir in eagar

Ar an 24 Feabhra 2023, gearradh téarma príosúin 16 bliana ar Harvey Weinstein as coireanna gnéis i Los Angeles. Dúirt a íospartach leis an gcúirt: ‘Bhris sé ina mhilliún píosa mé’, ach dúirt duine dá dhlíodóirí cosanta, Alan Jackson, go raibh sé ar intinn aige achomharc a dhéanamh in aghaidh na pianbhreithe. Dúirt an bhean, ar a dtugtar "Jane Doe 1" sa chúirt - nó Evgeniya Chernyshova - gur éignigh sé í ina hóstán i mí Feabhra 2013 ; bhí siad ag freastal ar Fhéile Scannán Los Angeles Italia ag an am.[7][2][8]

Ansin thug Chernyshova cás sibhialta in aghaidh Weinstein.[9]

2024 cuir in eagar

Ar an 25 Aibreán 2024, sa chúirt achomarc, an chúirt is airde i Nua-Eabhrac, cuireadh ar neamhní ciontú an léiritheora scannán as coireanna gnéasacha ar an mbonn go ndearnadh earráid shuntasach ina thriail in 2020. Rialaigh ceathrar den seachtar breithiúna nár chóir don bhreitheamh sa triail sa chúirt choiriúil in 2020 cead a thabhairt don ionchúiseamh fianaise ó mhná áirithe a chur os comhair na cúirte. Cuireadh leis an earráid sin nuair a lig an breitheamh sa triail don ionchúiseamh Harvey Weinstein a chroscheistiú ar bhealach thar a bheith claonta. D'ordaigh an chúirt Weinstein a chur ar a thriail as an nua.[10]

Mar sin féin, seasann an ciontú i Los Angeles in 2023; caithfidh sé an chuid eile dá shaol sa phríosún, agus tá sé i ndrochshláinte.[10]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Seosaimhín Ní Bheaglaoich (6 Samhain 2017). "Cuir ceist ar aon bhean agus beidh scéal aici a chuirfidh an ghruaig ina seasamh ar do cheann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-26.
  2. 2.0 2.1 ExtraG (2023-02-24). "Weinstein ag dul chun príosúin ar feadh 16 bliana as éigniú" (ga-IE). Dáta rochtana: 2023-02-26.
  3. Dlíodóirí Widgery (2018). "Cás siabhalta: Na líomhaintí in aghaidh THE WEINSTEIN COMPANY LLC". Dáta rochtana: 2024.
  4. Tuairisic (24 Fea 2023). "Harvey Weinstein ciontaithe i Nua-Eabhrac as éigniú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-02-26.
  5. "‘Profoundly unjust’: Reactions to court overturning Weinstein’s conviction" (en). Al Jazeera. Dáta rochtana: 2024-05-04.
  6. "Harvey Weinstein: Court agrees $17m payout for accusers" (en-GB) (2021-01-26). Dáta rochtana: 2024-05-04.
  7. Rebecca Keegan (2023-02-24). "Harvey Weinstein’s “Jane Doe 1” Victim Reveals Identity: “I’m Tired of Hiding”" (en-US). The Hollywood Reporter. Dáta rochtana: 2024-05-04.
  8. Evgeniya Chernyshova (23 Feabhra 2023). "Ráiteas tionchair íospartaigh". Dáta rochtana: 2024.
  9. Dlíodóirí Jane Doe 1 (Feabhra 2023). "cás sibhialta ina choinne.". Dáta rochtana: 2024.
  10. 10.0 10.1 Nuacht RTÉ (2024-04-25). "Ciontú Harvey Weinstein curtha ar neamhní ag cúirt achomharc" (as ga-IE).