Ball clúdaigh don cheann (le tóin is bileog de ghnáth) is ea hata.[1]

hataí

Is iomaí cineál hata ann: Hata ard (síoda), hata bog (feilte), hata bádóra, hata cúil. Hata an tsagairt a thugtaí corruair ar an mbundún leice.[2]

Bhí hata Acla ann. Deirtear nach raibh ach hata amháin in Acaill fadó agus go mbíodh an hata sin le caitheamh ag an té a bheadh ag dul go tír mór aon lá áirithe.

Cáibín a thugtar ar sheanhata. Chuirfeá do lámh i do hata do dhuine a mbeadh ómós faoi leith agat dó.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Foclóir Beag: hata" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-12-11.
  2. 2.0 2.1 Seosamh Ó Cuaig (6 Meitheamh 2023). "NACH DEAS É? Hata bán a chur ar dhaoine…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-06.