Clár teilifíse Briotanach is ea Have I Got News for You, atá á craoladh ar an BBC ón bhliain 1990 i leith. Tráth na gceist greannmhar agus lán le h-aoir atá ann, ina phléann an duine ósta cúrsaí nuachta an lae leis an bheirt chaptaen agus aíonna na seachtaine. Is iad Ian Hislop, eagarthóir na hirise Private Eye, agus an fuirseoir Paul Merton na captaein rialta. Bhíodh Angus Deayton ann mar chathaoirleach, agus é ag cur an seó i láthair idir 1990 agus 2002, ach tugadh bata agus bóthar dó. Ó shin i leith, cuireann aoi nua an clár i láthair gach seachtain, mar shampla Jack Dee, Boris Johnson, Jeremy Clarkson, Dara Ó Briain agus Alexander Armstrong.

Infotaula de sèrie de televisióHave I Got News for You
Séanrapanel game (en) Aistrigh agus sraith theilifíse ghrinn
Socrú ceamarasocrú ilcheamaraí
CruthaitheoirPaul Merton agus Ian Hislop
Aisteoirí
Láithreoir(í)Angus Deayton agus guest host (en) Aistrigh
Cuideachta léiriúcháinHat Trick Productions (en) Aistrigh
Tíran Ríocht Aontaithe
TeangaBéarla
Bealach teilifíseBBC Two agus BBC One
An chéad eipeasóid28 Meán Fómhair 1990
Líon séasúr54
Líon eipeasóidí592
Liosta eipeasóidílist of Have I Got News for You episodes (en) Aistrigh
Tuilleadh eolais
Suíomh oifigiúilbbc.co.uk… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt0098820 Facebook: HaveIGotNewsForYou Twitter: haveigotnews Instagram: haveigotnews Cuir in eagar ar Wikidata

Tá clú agus míchlú araon ar an gclár, a chothaíonn conspóid agus leabhal go minic.

Tagairtí cuir in eagar