Hayley Dee Westenra

amhránaí Nua-Shéalannach

Is soprán Nua-Shéalannach í Hayley Dee Westenra. Rugadh í ar an 10 Aibreán 1987 i Christchurch, an Nua-Shéalainn. Shroich a céad halbam Pure, a eisíodh go hidirnáisiúnta, uimhir a haon ar na cairteacha clasaiceacha sa Ríocht Aontaithe agus tá níos mó ná dhá mhilliún cóip de díolta ar fud an domhain. Chuaigh sí isteach sa ghrúpa Éireannach Celtic Woman i mí Lúnasa 2006 agus chuaigh sí ar an mbóthar leo in earrach na bliana 2007.

Infotaula de personaHayley Dee Westenra

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Aibreán 1987
37 bliana d'aois
Christchurch, An Nua-Shéalainn Cuir in eagar ar Wikidata
Ambasadóir Dea-mhéine CÉINAL
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Burnside
Wairarapa Cobham Intermediate (en) Aistrigh
Fendalton Open Air School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmealaíontóir sráide, amhránaí ceoldrámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2000 –
FostóirUNICEF Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraCeol Ceilteach, operatic pop (en) Aistrigh, ceol clasaiceach agus ceol na hAoise Nua
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis, an Phortaingéilis agus an Iodáilis
Cineál guthaSoprán

UirlisGiotár, ceol gutha, pianó agus veidhlín
Lipéad ceoilUniversal Music Group
Decca Records Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm1507406 Facebook: hayleywestenra Twitter: HayleyWestenra Spotify: 7Jotu5LupekFt00kZZZ7C6 iTunes: 5634331 Musicbrainz: 4a30a21f-268b-4c2f-a4d8-a2f453032457 Songkick: 494239 Discogs: 540397 Allmusic: mn0000671064 Deezer: 9397 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá gradaim bronnta ar Westenra ó thaobh a ceoil de sa Nua-Shéalainn agus áiteanna eile. Tá ceolchoirmeacha tugtha aici do dhaoine mór le rá ar fud an domhain agus is ambasadóir í do UNICEF freisin. Tá sí tar éis moladh mór a fháil mar gheall ar a hobair charthanachta.

Beathaisnéis cuir in eagar

Tá beirt phaistí eile ag tuismitheoirí Westenra – Sophie agus Issac. Tá suim mhór ag an teaghlach i gcúrsaí ceoil. B’amhránaí a seanmháthair agus ba phianódóir a seanathair.

Thosaigh a gairm cheoil nuair a bhí an phríomhpháirt aici i ndráma na Nollag agus í ar scoil. Ní raibh sí ach sé bliana d’aois. Chonaic múinteoir amháin léi an dráma agus chuir sí comhairle uirthi uirlis cheoil a fhoghlaim. D’fhoghlaim sí an dóigh leis an gceol a léamh agus an veidhlín, an pianó agus an fhliúit Shasanach a sheinm.

Nuair a bhí sí dhá bhliain déag d’aois, thaifead Westenra albam samplach darb ainm Walking in the Air. Thaifead sí an t-albam do chairde agus dá muintir agus ní dhearnadh ach thart ar 1,000 cóip. Tamall beag ina dhiaidh sin, tar éis deireadh a chur lena halbam, thosaigh sí féin agus a deirfiúr ag seinm ar na sráideanna in Christchurch. Tharraing an bheirt acu slua mór agus chuir bean amháin ceist orthu an raibh aon rud taifeadta acu. B’iriseoir an bhean, a bhí ag obair le Canterbury Television, agus thug sí cuireadh do Hayley a bheith ar an teilifís.

Chuir Gray Bartlett, stiúrthóir le comhlacht cothaithe ceolchoirme, suim inti tar éis í a fheiceáil ar an teilifís. Tairgeadh beart taifeadta di go gearr ina dhiaidh sin le Universal New Zealand.

Rath idirnáisiúnta cuir in eagar

Cé go raibh a lán ratha ar a halbaim sa Nua-Shéalainn, ní raibh mórán eolais uirthi go hidirnáisiúnta go dtí go bhfuair sí conradh le Decca Records. Thaifead sí Pure leo, dlúthdhiosca d’amhráin chlasaiceacha agus amhráin thraidisiúnta na Maorach. Go dtí seo, tá níos mó ná dhá mhilliún cóip den dlúthdhiosca Pure díolta ar fud an domhain.

Sa bhliain 2004, sheinn sí sa Nua-Shéalainn, san Astráil, sa tSeapáin agus sa Ríocht Aontaithe. Nuair a bhí sí sa Ríocht Aontaithe, thug sí ceolchoirm speisialta don Phríomh-Aire Tony Blair, Colin Powell, Condoleeza Rice agus an tUachtarán George Bush.

Tar éis an t-albam Pure a eisiúint, bhog Westenra agus a clann go Londain. Tá sí fós ina cónaí in árasán lárnach ann cé gur fhill a clann abhaile go Christchurch.

Eisíodh a tríú halbam, Treasure, ar an 26 Feabhra 2007 sa Ríocht Aontaithe. Roghnaigh Westenra na hamhráin go léir ar an dlúthdhiosca, Danny Boy agus Abide With Me san áireamh. Scríobh Hayley an méid seo:

Tá a lán suime ag mo mhuintir i gcúrsaí ceoil. Nuair a bhí mé óg, chuireadh mo sheanmháthair ar a glúin mé agus chanadh sí amhráin cosúil le Danny Boy dom. B’amhránaí í níos luaithe ina saol agus foinse amhrán dom chomh maith.”

Obair charthanachta cuir in eagar

Is í Hayley an t-ambasadóir is óige a bhí ag UNICEF riamh. Sa bhliain 2005, thug Westenra cuairt ar Ghána chun aird a tharraingt ar a tionscadal, Bikes for Ghana, agus chun airgead a fháil do UNICEF.

Bhí sé i gceist ag an tionscadal seo airgead a chruinniú chun rothair a cheannach do chailíní óga ionas go mbeidís in ann dul ar scoil ó cheantair iargúlta. Nuair a cuireadh faoi agallamh í níos déanaí mar gheall ar a hobair charthanachta i nGána bhí an méid seo le rá aici:

Bhuail mé le cailíní ar tugadh rothair dóibh agus chonaic mé chomh tábhachtach is a bhí siad dóibh. Theastaigh ceann ar iasacht uainn chun grianghraf a thógáil ach ní raibh siad sásta ceann a thabhairt dúinn. Bhí an-drogall orthu.

Tá an tionscadal tar éis 6,000 rothar a chur ar fáil do pháistí i nGána ionas go mbeidh siad in ann freastal ar scoil agus go mbeidh siad in ann saol níos fearr a chruthú as seo amach.

Bhí Hayley mar ambasadóir do Save the Children, i Hong Cong agus le gairid ghlac sí páirt i bhfeachtas feasachta cíoch sa Nua-Shéalainn.

A saol i Londain cuir in eagar

Tá Hayley tar éis a lán taistil a dhéanamh ar fud an domhain ach tá sí lánsásta anois a bheith ina cónaí i Londain. “Is í Londain mo dhara baile – is cathair chorraitheach, ilchultúrtha í,” dar léi. Ní bhíonn aon amhras ar an ráiteas seo ach amháin nuair a thagann foireann rugbaí na Nua-Shéalainne go dtí an Ríocht Aontaithe. Is sonóg onórach í do na All Blacks agus nuair a sheasann sí chun amhrán náisiúnta na Nua-Shéalainne a chanadh bíonn ríméad uirthi agus imíonn a smaointe chuig a baile i “dtír an scamaill mhóir bháin”.

Tagairtí cuir in eagar