Is éard is heipiteolaíocht ann ná brainse na míochaine a chuimsíonn staidéar an ae, an mháilín domlais, na conaire domlaise, agus an phaincréis chomh maith le bainistiú a neamhoird. Díorthaigh an focal Heipiteolaíocht ón bhfocal Sean-Gréigise hepar (ηπαρ) nó hepato-(ηπατο-) leis an chiall 'ae' agus is í brí na hiarmhíre-logia (-λογια) ná 'focal' nó 'óráid'. Cé go meastar go traidisiúnta í ina fho-speisialtacht de chuid na gaistreintreolaíochta, de réir leathnú tapa ar an disciplín i roinnt tíortha bíonn dochtúirí ina speisialtóirí go hiomlán ar an réimse seo, agus tugtar heipiteolaí orthu.