Henri Matisse
Ealaíontóir agus iar-Impriseanaí Francach ba ea Henri Matisse (Le Cateau-Cambrésis, 31 Nollaig 1869 - 3 Samhain 1954), ar dhuine de na péintéirí is tábhachtaí i stair na nua-ealaíne. Dréachtóir, déantóir priontaí, agus dealbhóir a bhí ann. Is í an phéintéireacht is mó a thuill clú dó, áfach.[1]
Saol cuir in eagar
Bhí Matisse 20 bliain d'aois agus ag teacht chuige féin ó bhabhta tinnis, nuair a thug a mháthair bosca péinteanna dó. Ag an nóiméad sin a thosaigh a shaol mar phéintéir.[2] Bhí Matisse an-tógtha le dathanna, a d'úsáid sé chun cruthanna agus mothúcháin a chur in iúl. Chaith sé a shaol ar fad ag spraoi le dathanna, agus feicimid ina shaothar an craic a bhain sé astu.
Sa bhliain 1905,cheannaigh Leo agus Gertrude Stein a phictiúir "fauve" is cáiliúla, “Bean le Hata”. Duine anaithnid ag an am. bhí siad ag iarraidh cabhair a thabhairt do Matisse (chaith siad 500 franc, timpeall 70 euro inniu).
Sna 1910idí, bhí stiúideo ag Henri Matisse ar an Quai Saint-Michel i bPáras agus d'fhan sé ann le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda.[3] D'éirigh na dathanna níos dorcha ar feadh na mblianta sin.
Seanaois cuir in eagar
Sa bhliain 1941 chuaigh Matisse faoi scian agus ní raibh sé in ann seasamh ag seastán ealaíne a thuilleadh. Ní raibh radharc na súl go maith aige ach an oiread. Bhí sé i gcathaoir rothaí ach bhí sé go fóill ag iarraidh a bheith ina ealaíontóir.[4] Thosaigh sé ag déanamh colláis le páipéar óna chathaoir rothaí. Chuir sé an t-ainm ar an ealaín seo ‘Ag tarraingt le siosúir’.
Bhí 84 bliain d'aois slánaithe ag Matisse nuair a fuair sé básː bhuail taom croí é ar an 3 Samhain 1954.
Matisse agus Éire cuir in eagar
Ó thaobh na hÉireann de, is díol spéise ar leith grúpa léaráidí le Henri Matisse in 1935 d'fhoilseachán Nua-Eabhrac de Ulysses le James Joyce.[5]
I rith 2011, chuir an Leabharlann Chester Beatty taispeántas ar bun de leabhair ealaíne Henri Matisse i mBaile Átha Cliath.[6]
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ neelo46 (blag "StairNahEalain") (2013-10-22). "Henri Matisse" (ga). stairnahealain. Dáta rochtana: 2020-11-03.
- ↑ Anna Heussaff. "Leabhar Mór na hEalaíne | Futa Fata". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-12-12. Dáta rochtana: 2020-11-03.
- ↑ vermontdrawingstudio.com. "Studio, Quai St Michel, 1916" (en-US). the drawing studio. Dáta rochtana: 2020-11-03.[nasc briste go buan]
- ↑ Scoil Gharbháin. "Ealáin Rang 4 ar Henri Matisse" (Irish). Scoil Gharbháin. Dáta rochtana: 2020-11-03.
- ↑ "Oidhreacht Albert Bender agus a Bhailiúcháin | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2020-11-03.
- ↑ chg.gov.ie. "Matisse i mBáile Átha Cliath".