Herman Van Rompuy
Is polaiteoir Beilgeach Pléimeannach é Herman Van Rompuy ([ˈɦɛɾmɑn vɑn ˈɾɔmpœy̆]). Rugadh Van Rompuy in Etterbeek, i ngar don Bhruiséil. Is ball den Christen-Democratisch en Vlaams (CD&V) é. Tháinig sé i gcomharbas ar Yves Leterme mar phríomh-aire na Beilge i Mí na Nollag 2008.[1] Roghnaigh na ceannairí Eorpacha Van Rompuy mar chéad Uachtarán buan Comhairle na hEorpa sa bhliain 2009.
Gairm agus oideachas cuir in eagar
B'eacnamaí ag Banc Náisiúnta na Beilge é, chuir sé tús lena ghairmréim pholaitiúil in 1973 mar Leas-Uachtarán náisiúnta ar chomhairle ógra a pháirtí.
Tá céim ag Herman Van Rompuy san fhealsúnacht agus máistreacht aige san eacnamaíocht fheidhmeach ó Ollscoil Leuven (KU Leuven).
Gníomhréim pholaitiúil cuir in eagar
Priomh-aire cuir in eagar
D'iarr an rí air rialtas a chur le chéile ar an 28 Mí na Nollag cé go raibh drogall ar Van Rompuy bheith ina phríomh-aire. Ghlac sé mionn oifige dhá lá ina dhiaidh sin, ar an 30 Mí na Nollag.
Uachtarán Comhairle na hEorpa cuir in eagar
Ag cruinniú neamhfhoirmiúil a bhí acu sa Bhruiséil an 19 Samhain 2009, chomhaontaigh Ceannairí Stáit nó Rialtais an Aontais Eorpaigh d'aon toil Herman Van Rompuy a cheapadh ina chéad Uachtarán buan ar an gComhairle Eorpach.
Bibleagrafaíocht cuir in eagar
- De kentering der tijden, Lannoo, 1979
- Hopen na 1984, Davidsfonds, 1984
- Het christendom. Een moderne gedachte, Davidsfonds, 1990
- Vernieuwing in hoofd en hart. Een tegendraadse visie, Davidsfonds, 1998
- De binnenkant op een kier. Avonden zonder politiek, Lannoo, 2000
- Dagboek van een vijftiger, Davidsfonds, 2004
- Op zoek naar wijsheid, Davidsfonds, 2007
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-12-31. Dáta rochtana: 2008-12-31.