Hibrid den chéad ghlúin de dhá phlanda shaothraithe, a mbíonn an toradh nó airíonna eile inmhianaithe nochtaithe ar leibhéal níos airde ná i gceachtar den dá thuismitheoir (riocht a dtugtar heitreóis air). Ní phóraíonn hibridí mar seo go dílis, agus mar sin ní mór don síolraitheoir iad a tháirgeadh i ngach glúin. Saothraíodh iad ar dtús in arbhar Indiach, ach le fáil in an-chuid gnéithe anois.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Hibrid F1". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 251.