Sa cheimic, is éard is hibridiú fithiseach (nó hibridiú) ann ná coincheap maidir le fithiseáin adamhacha a mheascadh, chun fithiseáin hibrideacha nua a chruthú (le fuinneamh, cruthanna, srl., seachas na fithiseáin adamhacha comhpháirteacha) atá oiriúnach chun leictreoin a phéireáil, agus naisc cheimiceacha a chruthú de réir teoiric an fhiúsnaisc. Mar shampla, in adamh carbóin ina mbíonn ceithre nasc shingil, comhcheanglaíonn an fiús-sceall (fithiseán s) le trí fhiús-sceall (fithiseáin p) chun ceithre mheascán coibhéiseach sp3 a chruthú, leagtha amach i socrú teitrihéidreach timpeall an charbóin chun nascadh le ceithre adamh éagsúil a chruthú. Tá fithiseáin hibrideacha úsáideach chun geoiméadracht mhóilíneach agus airíonna an nasctha adamhaigh a mhíniú, agus bíonn siad leagtha amach go siméadrach sa spás. De ghnáth cruthaítear fithiseáin hibrideacha trí fhithiseáin adamhacha d'fhuinneamh inchomparáide a mheascadh.[1]

Taispeánann sé seo céimseata an fhithiseáin sp3, mar shampla adamh carbóin.

Stair agus úsáidí cuir in eagar

D’fhorbair an ceimiceoir Linus Pauling an teoiric hibridithe den chéad uair i 1931 chun struchtúr móilíní simplí mar meatán (CH4) a mhíniú ag úsáid fithiseán adamhach.[2]

Féach freisin cuir in eagar

  • Teoiric an chriostalréimse
  • Hibridiú den dara hord
  • Teoiric an liogannréimse
  • Comhcheangal líneach de fhithiseáin adamhacha
  • Léaráid na bhfithiseán móilíneach


Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Inorganic Chemistry" (2005). Pearson Prentice-Hal. 
  2. Pauling, L. (1931), "The nature of the chemical bond. Application of results obtained from the quantum mechanics and from a theory of paramagnetic susceptibility to the structure of molecules", Journal of the American Chemical Society, 53 (4): 1367–1400, doi:10.1021/ja01355a027