Aerlong cháiliúil, bunaithe ar fhráma docht, a thóg rialtas na Gearmáine i 1936. In ann 72 paisinéar a iompar ar stíl a bhí inchurtha leis na línéir ar an aigéan. Rinne sí 63 eitilt rathúil, an chuid is mó trasna an Aigéin Atlantaigh. Ach chuaigh sí trí thine i 1937 is í ag tuirlingt chun feistithe i Lakehurst, New Jersey, agus cailleadh 35 duine ar bord is duine amháin ar an talamh. Is dócha gur adhain splanc leictreastatach san atmaisféar ligean hidrigine as an aerlong. Chuir an tragóid seo deireadh le ré na n-aerlong.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Hindenburg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 346.