Ceann de ghrúpa hormón a tháirgtear i gcodanna éagsúla den hipeatalamas, a stórálann is a fhuasclaíonn néaróin de mheánchnapán an hipeatalamais mar fhreagairt ar spreagthaí ón inchinn. Iompraítear iad ansin go dtí maothán tosaigh na faireoige piotútaí, mar a spreagann nó a gcoisceann siad hormóin phiotútacha ar leith (mar shampla, hormón scaoilte hormón fáis). Thugtaí fachtóir scaoilte air seo, ach anois coimeádtar an téarma deireanach seo do hormóin hipeatalamacha nach bhfuil a struchtúir cheimiceacha ar eolas fós (mar shampla, fachtóir scaoilte prólachtaine).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Hormón scaoilte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 353.