Dlíodóir agus iar-sceimhlitheoir de chuid Dhrong Baader-Meinhof é Horst Mahler (a tháinig chun saoil i Haynau, inniu: Chojnów sa Pholainn, ar an 23 Eanáir 1936) a chuaigh le ciníochas agus le náisiúnachas faisisteach níos déanaí ina shaol.

Infotaula de personaHorst Mahler

(2001) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Eanáir 1936
88 bliana d'aois
Chojnów, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síFreie Universität Berlin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir (1964–2009), iriseoir tuairime, gníomhaí polaitiúil, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Sóisialta Daonlathach na Gearmáine
Páirtí Cumannach na Gearmáine
The Homeland (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Eile
CéileSylvia Stolz Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh iHolocaust denial (en) Aistrigh (2008)
→ (carcrú)
Holocaust denial (en) Aistrigh (2009)
→ (carcrú)
Holocaust denial (en) Aistrigh (2009)
→ (carcrú) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
15 Samhain 2006arrest (en) Aistrigh
8 Deireadh Fómhair 1970arrest (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm0536989 Allocine: 218850 Cuir in eagar ar Wikidata

Ghlac sé páirt i mbunú Dhrong Baader-Meinhof sa bhliain 1970. Chaith sé an chuid ba mhó de na seachtóidí sa phríosún mar phionós as a chuid ainghníomhartha mar sceimhlitheoir.

Sa bhliain 1980, scaoileadh saor é, agus i 1987, fuair sé ceadúnas arís ceird an dlíodóra a chleachtadh.

Sna 1990idí, chuaigh sé le hantoisceachas na heite deise, agus sna blianta 2000-2003, bhí sé ina bhall den NPD ("Páirtí na nDaonlathach Náisiúnta"), an ceann is tábhachtaí de pháirtithe na heite deise antoiscí sa Ghearmáin.

Ina dhiaidh sin, áfach, thréig sé an páirtí, nach raibh sách radacach aige, agus bhunaigh sé cumann nua do lucht diúltaithe an Uilelosctha, Verein zur Rehabilitierung der wegen Bestreiten des Holocausts Verfolgten.

1970idí

Chaill sé a cheadúnas dlíodóireachta arís sa bhliain 2004, toisc go bhfuarthas gur cumann frith-bhunreachtúil a bhí ann, is é sin, go raibh cuspóirí an chumainn ag teacht salach ar bhunreacht daonlathach na Gearmáine.

Ina dhiaidh sin féin, tharraing Mahler súil air féin go minic leis na ráitis mhadrúla phoiblí inar cháin sé na Giúdaigh, na ciníocha neamh-Eorpacha agus an daonlathas parlaiminteach.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar