Rothlú plána polaraithe solais, atá polaraithe go líneach, nuair a théann sé trí ábhair atá suite i réimse láidir maighnéadach. Chuir Michael Faraday síos air seo den chéad uair i 1845, agus ba chéim stairiúil é i léiriú an cheangail idir solas is maighnéadas. Is iarmhairt mhaighnéadoptúil í, de bharr ainiseatrópacht a ionduchtaíonn an réimse maighnéadach san ábhar. Ní hionann í is gníomhaíocht optúil, ina gcúlaítear an rothlú sa pholarú a tharlaíonn is an léas ag trasnú tríd an ábhar gníomhach má chuirtear an léas ar ais tríd sa mhalairt treo. Maidir leis an iarmhairt mhaighnéadoptúil, dúbláitear an rothlú má dhéantar an turgnamh céanna.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Faraday". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 255.