Grúpa mór d'éisc théagartha uisce úir is mara ar féidir leo séideadh amach le haer nó uisce go mbíonn siad beagnach sféarúil. Is baill d'fhine na Tetraodontidae iad. An-fhorleathan i bhfarraigí tanaí teo, os cionn sceireacha is leapacha féar mara. An cholainn spíonach go minic agus 4 fhiacail sna gialla, ag foirmiú goib cosúil le gob pearóide. Cuid de na horgáin is na fíocháin an-nimhiúil. Is sócamais éisc áirithe sa chlann seo sa tSeapáin, agus ullmhaíonn cócairí speisialta iad. Tugtar iasc bolgach orthu freisin.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoIasc torcánach
Tetraodontidae Cuir in eagar ar Wikidata

Canthigaster callisterna Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo detetrodotoxin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
OrdTetraodontiformes
FineTetraodontidae Cuir in eagar ar Wikidata
Bonaparte, 1832
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Iasc torcánach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 361.