Sa mhatamaitic, meastachán ar luach idirmheánach athróige idir dhá luach den athróg sin. Mar shampla, más eol gur y = f(x) ag x = 2, y2 = f(2), agus más eol gur y3 = f(3) ag x = 3, is féidir meastachán a dhéanamh ar luach f(2.6) trí idirshuíomh. Is é an bealach is simplí ná idirshuíomh líneach, a bhraitheann ar an bhfoshuíomh gur feidhm líneach í y = f(x) idir x = 2 is x = 3, agus ansin f(2.6) = f(2) + (2.6–2.0)(f(3)–f(2)). Is eachtarshuíomh é meastachán a dhéanamh ar luach na hathróige y = f(x) taobh amuigh den eatramh idir an dá luach atá ar eolas. Gan eolas ar nádúr na feidhme f(x), d'fhéadfadh an meastachán a bheith an-mhícheart, i bhfad amach ó x = 2 ar thaobh amháin is ó x = 3 ar an taobh eile go háirithe.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Idirshuíomh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 363.